Airmed

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, ba shliocht na Tuatha Dé Danann í an bandia Airmheadh (Sean-Ghaeilge Airmed[1]). I dteannta lena hathair Dian Céacht agus a dearthár Miach, leigheas sí iad siúd a bhí loite sa Dara Cath Maighe Tuireadh.[2]

Tháinig éad ar a hathair, ámh, agus mharaigh sé Miach. Chaoin Airmheadh thar uaigh a dearthár, agus d'fhás lena deora gach luibh leigheasadh an domhain, 365 san iomlán - de réir líon na n-alt agus na bhféitheacha a bhí ag Miach.[3] Bhailigh Airmheadh na luibheanna agus chuir sí in eagar go léir iad, á síneadh ar a fallaing. Arís eile, tháinig éad ar a hathair, tharraing sé buille uirthi agus scaip na luibheanna. De bharr sin, níl a fhios go deo ag éinne ach amháin Airmheadh gach rún na luibheolaíochta.[2]

I dteannta le Dian Céacht, Ochtriullach agus Miach, bhí Airmheadh ar cheann de na desire a bhí ar a cumas na mairbh a athbheochan lena hortha, á canadh thar tobar Shláine.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. airmed ar eDIL
  2. 2.0 2.1 2.2 Cath Maige Tuired, aistr. Elizabeth A. Gray. Irish Texts Society, Baile Átha Cliath.
  3. The Myths of the Gods: Structures in Irish Mythology, le hAlan Ward, 1981.