Gaibhne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, gabha na dTuath Dé Danann ab ea Gaibhne (Sean-Ghaeilge Goibniu). Samhlaítear é chomh maith le haíocht/fáilteachas. Tá sé gaolta mhar sin le Gofannon na Breataine Bige agus Gobannus na nGallach.

Goibniu

Seanscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear ainm a athar sna téacsanna mar Esarg, agus mar Tuirbe Trágmar ('teilgeoir tuanna').[1]

Cuireadh Gaibhne go minic i dteannta le Creidhne, gabha airgid, agus Luchtaine, siúinéir, mar na Trí Dé Dána. Ghaibhnigh siad airm na dTuath Dé, a bheartaigh siad ina gcathanna in éadan na bhFomhórach. Mar mhalairt ar sin, cuirtear é i dteannta le Creidhne agus Dian Cécht, lia.[2] Mhúnlaigh sé lámh nua airgid do Nuada, tar éis a baineadh a lámh de i rith catha.[3] Rinne sé airm ar son na ndéithe freisin; sa Leabhar Gabhála na hÉireann, luaitear é mar "ní gan tairbhe i mbruithniú",[4] Deirtear go bhfuair seisean agus Dian Ceacht beirt bás de phlá nimhneach.[4]

Ba spidiléir na ndéithe é Gaibhne chomh maith. De réir Agallamh na Seanórach agus Altram Tige Dá Medar, chosnaíodh a chuid bia na Tuatha Dé ar thinneas agus ar sheanaois. Deirtear gurbh leis Glas Ghaibhneann, bó draíochta na nirt.

Sna hOrtha Naomh Gall,[5] d'impíodh Gaibhne agus Dian Ceacht beirt in éadan na deilge.

D'fhéadfadh é gurbh ionann Gaibhne agus Culann na Rúraíochta.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh go bhfuil an t-ainm Goibniu fréamhaithe ón tSean-Ghaeilge gobae[6] (gin. gobann) ‘gabha’, Breatnais gof (iol. gofein) ‘gabha’, Gaillis gobedbi ‘leis na gaibhne’, atá go léir gaolta leis an Liotuáinis gabija ‘tinteán beannaithe’, gabus ‘féithiúil , glic’.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomh-Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fo-fhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cuid I Leabhar IV: The Dagda of ‘Gods and Fighting Men,’ le Lady Gregory, 1904, le fáil s6r sacred-texts.com
  2. Leabhar Gabhála na hÉireann, cuid 52
  3. Ach féach Creidhne
  4. 4.0 4.1 Cuid 64 den Leabhar Gabhála na hÉireann, le fáil ar maryjones.us
  5. The St. Gall Incantations. Thesaurus Palaeohibernicus éag. agus aistr. le Whitley Stokes agus John Strachan. Cambridge: University Press, 1903.
  6. gobae ar eDIL
  7. Václav Blažek, “Celtic ‘smith’ and his colleagues”, in Evidence and Counter-Evidence: Festschrift for F. Kortlandt 1, eag. Alexander Lubotsky, Jos Schaeken & Jeroen Wiedenhof (Amsterdam – Nua-Eabhrac: Rodopi, 2008), ll. 35-53.