Bolcán (miotaseolaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bolcán (1838), ag Herman Wilhelm Bissen (1798-1868). Dealbhóireacht sa Mhúsaem Thorvaldsen, Cóbanhávan.

De réir na miotaseolaíochta, bhí Bolcán ina Dhia na tine [1] (An Laidin|Laidin]]: Volcānus nó Vulcānus, , lena n-áirítear tine bholcánach, an mhiotalóireacht, agus an cheárta, sa reiligiún agus sa mhiotas, de chuid na Sean-Róimhe. Léirítear Bolcán go minic le chasúr an ghabha.[2] An Vulcanalia ab ea an fhéile bhliantúil a bhíodh ar siúl ar an 23 lúnasa, ina onóir. Ba é Héafaestas (Gréigis; φαιστος, Hēphais") dia na tine agus na gaibhneachta, a mhacasamhail sa Ghréig. San reiligiún Éatrúscach, tugtar Sethlans air.

Baineann Bolcán leis an chéim is ársa de reiligiún na Rómhánach:. Tugann Varro, an scoláire agus scríbhneoir na Sean-Róimhe, le fios, ag tagairt do na hAnnales maximi, gur thiomnaigh an rí Titus Tatius altóirí do shraith déithe, agus go raibh Bolcán luaite ina measc siúd.[3].

Sanasaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá bunús an t-ainm doiléir agus ina ábhar conspóid. D'áitigh traidisiún na Rómhánach go raibh sé bainteach le focail Laidineacha ceangailte le tintreach (fulgur, fulgere, fulmen)[4], agus da réir sin go raibh sé bainteach le lasracha. Tacaíonn obair Walter William Skeat leis an tuiscint seo, agus tugann a fhoclóir sanasaíoch le fios go gciallaíonn sé 'loinnir' (Béarla; 'lustre')..[5]

Adhradh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí an scrín is sine de chuid Bholcáin sa Róimh, ar a dtugtar an Vulcanal, a bhí suite ag bun Chnoc an Chaipeatóil Laidin:''Collis Capitōlīnus'', sa Forum Romanum, agus bhí sé ráite go dtéann se ar ais chuig tréimhse ársa Rithe na Róimhe, agus gur bhunaigh Titus Tatius, an comh-rí Saibíneach, é ar an suíomh, le dáta traidisiúnta san 8ú haois RC. Ba é tuairim na n-haruspices Éatrúscach gur cheart teampall Bhulcáin a bheith suite taobh amuigh den chathair, agus féadfaidh go raibh an Vulcanal suite ar dtús ar nó lasmuigh de theorainneacha na cathrach, sular leathnaíodh iad agus gur cuireadh Cnoc an Chaipeatóil san áireamh.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Georges Dumézil (1996). "Archaic Roman Religion: Volume One": 320–321. Baltimore: Johns Hopkins University Press. 
  2. Corbishley, Mike "Ancient Rome" Warwick Press 1986 Toronto.
  3. Varro De Lingua Latina V, X: "...Et arae Sabinum linguam olent, quae Tati regis voto sunt Romae dedicatae: nam, ut annales dicunt, vovit Opi, Florae, Vediovi Saturnoque, Soli, Lunae, Volcano et Summano, itemque Larundae, Termino, Quirino, Vortumno, Laribus, Dianae Lucinaeque...".
  4. Varro Lingua Latina V, 10: "Ignis a gnascendo, quod huic nascitur et omne quod nascitur ignis succendit; ideo calet ut qui denascitur cum amittit ac frigescit. Ab ignis iam maiore vi ac violentia Volcanus dictus. Ab eo quod ignis propter splendor."
  5. W. W. Skeat Etymological Dictionary of the English Language New York 1963 (first published in 1882) s.v. volcano: "cf. Sanskrit varchar-s: lustre".