Oidheadh Chlainne Tuireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Scéal de chuid miotaseolaíocht na nGael is ea Oidheadh Chlainne Tuireann. Caomhnaítear é i roinnt lámhscríbhinní den 18ú haois, scríofa as Luath-NuaGhaeilge.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maraíodh Cian athair Lugh ag triúr deartháireacha na dTuath Dé Danann, Brian, Iuchar agus Iucharba. D'éiligh Lugh mar chúiteamh go gcuirfidís i gcrích ocht dtasc dodhéanta. B'éigean dóibh i measc eile a fháil do Lugh an t-úll faoi chosaint na Heispirídí, an seithe muice leighis le rí na Gréige, an tsleá nimhneach le rí na Peirse, agus an capall gaothgasta le rí na Sicile,.

D'éirigh leo gach tasc a dhéanamh, ach gortaíodh go marfach agus an tasc deireanach á dhéanamh acu. In ainneoin achainíocha a n-athar, Tuireann, dhiúltaigh Lugh iad a leigheasadh leis an seithe muice draíochta, agus lig sé as díoltas dóibh bás d'fháil. Thit Tuigeann i bhfanntais de bhrón thar marbháin a mhac, agus d'éag sé.[1]

Fóinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cross/Slover (Hrsg.): "The Fate of the Children of Tuirenn". In Ancient Irish Tales, Henry Holt & Co., 1936, ll. 49–81.