Cian

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

In Miotaseolaíocht na nGael, b'athair Lugh é Cian Scáil Bhalbh,[1] mac Dian Cecht na dTuath Dé Danann. I bhformhór na leaganacha, is í Eithne, banríon na bhFomhórach, máthair Lugh; [2] ach i leaganacha áirithe, tá aithne ar Chian mar Ethlend, agus dá bharr, tá aithne ar Lugh mar Lug mac Ethlend[3]

Cath Maighe Tuireadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa seanscéal Cath Maighe Tuireadh, is pósadh ríoraíoch é an cleamhnas idir Cian agus Eithne, mar chuid de chomhghuaillíocht idir na Tuatha Dé agus na Fomhóraigh.[4] I Leabhar Gabhála na hÉireann, thug Cian a mhac Lugh go Tailte, banríon na bhFear Boilg, mar mhac altrama.

Oidheadh Chloinne Tuireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is in Oidheadh Chloinne Tuireann a insítear an scéal faoi bhás Chiain, agus an díoltais a bhain Lugh amach ar na déantóirí coire. Ní caomhnaítear an scéal iomlán ach i lámhscríbhinní déanacha, cé go bhfuil achoimrí le fáil i leaganacha na meánaoise den LGE.

Sa scéal úd, maraíodh Cian ag mic ThuirinnBrian, Iuchar agus Iucharba — tar éis dó teipthe éalú uathu i riocht muice (nó oircce san LGE).[3] Mar díoltas, chuir Lugh iad ar sraith eachtraí dodhéanta mar dhea. D'éirigh leo i ngach eachtra, ach gortaíodh iad go marfach ag déanamh an chinn dheireanaigh. In ainneoin achainí Thuirinn, cheil Lugh orthu rud áirithe a fuair siad a úsáid, seithe muice a leigheasadh gach cneá. Fuair siad bás dá gcneácha, agus fuair Tuireann bás le briseadh croí thart ar a gcoirp.[5]

Béaloideas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Glas Gaibhnenn

Is amhlaidh go raibh lánleagan de scéal Chiain ar lorg cleamhnais i seanscéalta na meánaoise, ach ní chaomhnaítear anois é ach sa béaloideas, go háirithe i scéal na ba draíochta, Glas Gaibhnen, bailithe ag William Larminie.[6] Tá scéal mar an gcéanna leis an mbó úd, a d'inis Shane O'Dugan ó Oileán Thoraí do John O'Donovan in 1835, ach go bhfuil ainm an laoich truaillithe go "Mac Cinnfhaelaidh".[7]

Thóg Lady Gregory an dá leagan agus chuir le chéile iad. De réir a hathinsint, chuala Balar, rí na bhFomhórach, tairngreacht draoi a deir go maródh a gharmhac féin é. Chun an chinniúint seo a chosc, chuir sé a aon-iníon faoi ghlas sa Túr Mór ar Oileán Thoraí. Rinne beirt bhan déag cúram di, a d'fhéach chuige nach mbuailfeadh sí le fear choíche, ná nach bhfaighfeadh fiú eolas a mbeithsine.

Ar an mórthír, bhí bó dhraíochta ag fear darbh ainm Mac Cinnfhaelaidh. Tugann an bhó an oiread sin bainne go raibh fonn ar chách, Balor ina measc, ía bheith aige. Agus deartháir Mhic Cinnfhaelaidh, Mac Samthainn, ag tabhairt aire sin bhó, tháinig Balar ar an bhfód i riocht buachalla bhig rua, agus bhuail sé bob air an bhó a thabhairt dó. Ag lorg díoltais, d'iarr Mac Cinnfhaelaidh ar leannán sídhe dárbh ainm Biróg, a d'iompaigh é le draíocht go barr túr Bhalair, áit a luigh sé le hEithne.

In am trátha, rugadh trírín di, ach bhailigh Balar i mbraillín iad agus sheol iad chun a mbás, báite i bpoll súraic. Bháigh an giolla beirt dóibh, ach thit leanbh amháin trí thimpist isteach sa chuan, áit a tharrtháil Biróg é. Thóg sé é chuid a athair, a thug in altramas dá dheartháir, Goibhne an gabha.[8][9][10]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Macalister, Robert Alexander Stewart, 1870-1950 (1941). "Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland" ITS 41 (LGE Part IV). Oxford University Press. , "Part VII: Invasion of the Tuatha De Danann", ¶304-¶377.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Leabhar Gabhála na hÉireann, Teimpléad:Harvnb, ¶330/ll. 148-, ¶368/ll. 186-
  2. Teimpléad:Harvnb, ¶311/lch. 117
  3. 3.0 3.1 Teimpléad:Harvnb, ¶319/lch. 135-137
  4. Whitley Stokes (eag. agus aistr.), "The Second Battle of Moytura", Revue Celtique 12, 1891, lch. 59
  5. "The Children of Tuireann". P.W. Joyce (aistr.), 1879. Old Irish Romances.
  6. Larminie, William (1893). "West Irish Folk-tales and Romances" (Internet Archive) 1: 1–9. Elliot Stock. “"The Gloss Gavlen" (oral), told by John McGinty, Achill Island” 
  7. O'Donovan, John (1997). "The Antiquities of County Clare: Ordnance Survey Letters 1839" (snippet): 21-. Clasp Press. “"The Cow," from John Reagh O'Cahane, tailor, of Corofin et al.”  (Repr. Teimpléad:Citation)
  8. John O'Donovan (eag. agus aistr.), Annala Rioghachta Éireann: Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters Vol. 1, 1856, ll. 18-21, fonóta S
  9. T. W. Rolleston, Myths and Legends of the Celtic Race, 1911, ll. 109-112
  10. Lady Gregory, Gods and Fighting Men, 1094, ll. 27-29.