Fódhla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I miotaseolaíocht na nGael , ba í Fódhla (Sean-Ghaeilge FótlaFódla), iníon Delbáeth agus Ernmas na dTuath Dé Danann, ar cheann de na bandéithe coimirceach na hÉireann. Ba é Mac Céacht a fear chéile.

Clann Mhíle[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dteannta lena deirfiúracha Banba agus Ériu, ba bhall de trí-bhandéithe í. Nuair a tháinig an Chlann Mhíle ón Spáinn ar ionsaí, d'iarr siad dúinne ar dhuine ar an bhfile Amergin Glúigheal go raibh an tír ainmnithe astu. Is amhlaidh gur rug Ériu (Éire) an chraobh léi, ach creideann na filí gur bronnadh iad triúr a mian, agus feictear idir 'Fódhla' agus 'Banba' mar ainm litríochta na tíre.

Sa scéal Tochomlad mac Miledh a hEspain i nErind, léitear Fódhla mar bhean chéile Mhic Céachta, ina bhanríon agus Mac Céacht ina rí.[1] Insítear sa scéal gur bhuail Fódhla leis an gClann Mhíle agus iad ag dul thart bhráid ‘lena slua gasta sidhe ina timpeall’ ar Shliabh Naini nó Ebliu. De réir fonóta, is ionann an sliabh seo agus Sliabh Eibhlinne i gContae Luimnigh.

De réir Seathrúin Chéitinne, thug sí adhradh do Mhór-Ríoghain, a ainmnítear scaití mar iníon Ernmais.

Fotla na gCruithneach[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir De Situ Albanie (téacs déanach), an Croinic Cruithneach, agus Duan Albanach, ba é Fotla (nualeagan Atholl, Ath-Fotla) ar chrann de na chéad ríthe na gCruithneach.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tochomlad mac Miledh a hEspain i nErind: no Cath Tailten
  2. Broun, "Kingship"; le haghaidh Éireann, féach m.s. Byrne, Irish Kings and High-Kings, agus Ó Cróinín, Early Medieval Ireland