Cichol Gricenchos

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarCichol Gricenchos

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldia
carachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, ba é Cichol ceannaire is luaithe na bhFomhórach. Is doiléir é a bhua-ainm GricenchosGrigenchosach. D'aistrigh Macalister é le “clapperleg”;[1] agus de réir Comyn “cosa seargtha”.[2] D'fhág Seán Ó Donnabháin gan aistriú é.[3]

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé go hÉirinn i dteannta le 200 fear agus 600 bean, agus mhair siad ar éisc agus ar éineoil ar feadh 200 bliain go dtí gur tháinig muintir Pharthaláin, 311 bliain tar éis na Díleann. Deich mbliana tar éis sin, chloígh Parthalán Cichol agus na Fomhóraigh i gCath Maighe Iotha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part III, Irish Texts Society, Iml. 39, 1940, ll. 2-15, 72-75, 85
  2. Daithí Ó Coimín (eag. & aistr.), The History of Ireland by Seathrún Céitinn, D. D. Iml. 1, Irish Texts Society Iml. 4, 1902, lch. 163
  3. Seán Ó Donnabháin (eag. & aistr.), Annála na gCeithre Máistrí iml. 1, Hodges, Smith & Co, 1856, lch. 5