Jump to content

Éire (bandia)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarÉire
Ériu Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpearsantú náisiúnta
bandia Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileMac Gréine agus Elatha Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairEarnmas Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíBres Cuir in eagar ar Wikidata
SiblíníBadhbh, Banba, Mórrígan, Macha agus Fódhla Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, is bandia eapainmneach na hÉireann í Éire (nó Éiru), agus léirítear í uaireanta mar phearsantú na hÉireann. Ba í Ernmas a máthair agus ba é Mac Gréine a fear céile.

Ról agus Léiriú

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dteannta lena deirfiúracha Banba agus Fódhla, ba dhuine de thriúracht bandéithe í Éire. Bandéithe talaimh ab iad, agus gach aon acu pósta le rí Thuatha Dé Danann.

I ndiaidh dhúnmharú Íth, tháinig Clann Mhíle i dtír i gCiarraí le gabháil Éireann a chur i gcrích agus díoltas a imirt ar Thuatha Dé Danann. A luaithe agus a leaindeáladar, chuadar in adharca leis na Tuatha agus na hamhailteacha ábhalmhóra a scaoil an cine diamhair sin i mbealach Mhíle agus a chuid fear.

Agus fir Chlann Mhíle ag sléachtadh laochra Thuatha Dé Danann, thuig Éire agus a deirfiúracha go raibh ré a gcine ag druidim chun deiridh agus, buartha nach mairfeadh a gcliú ina ndiaidh, tháinig siad, duine ar dhuine, roimh Amergin Glúingel leis an iarrtas céanna a dhéanamh: go dtabharfaí a hainm don oileán.

Saoi, draoi, agus file a bhí in Amergin, agus é ina bhreitheamh Chlann Mhíle fosta. Bhuail sé le Banba, agus nuair a bhí a cuid ráite aici, d’aontaigh Amergin go mbeidh “Banba” mar ainm don oileán.

Tháinig Fódhla sna sála ar Bhanba, agus thug Amergin an freagra céanna don iarrtas céanna. Mar sin a tharla “Fódhla” a bheith ina hainm eile don oileán.

Tharla coinne Éire le hAmergin ar Chnoc Uisnigh, mar a ndearna sí aitheasc do mhuinntir Mhíle: “Is é bhur mbeatha. Tá sé tuartha ag ár bhfir feasa le fada go dtigfeadh sibh. Beidh an oileán seo libhse go deo, agus ní bheidh aon chine eile níos líonmhar ná sliocht Mhíle.”

“Beidh ‘Éire’ mar phríomh-ainm don oileán seo”, a dúirt Amergin. [1]

Dar leis an staraí Éireannach den 17ú haois Seathrún Céitinn, ba iad Badhbh, Macha and Mór-Ríoghain bandéithe gaolta le hÉire, Banbha and Fódhla.[2]

Tá gaol phearsanta éagsúla luaite d'Éire i dtéacsanna éagsúla. Deirtear gurbh é Mac Gréine a fear céile.[3][4] Deirtear fosta gurbh é a leanann é Elatha, flaith na bhFomhórach, agus bhí mac acu, Breas. Deirtear gur chlann le Delbáeth iad Elatha agus Éire beirt, agus más fíor, leath-shiblíní is ea iad.[5] Sa Dinnseanchas Rennes, Codal Roundbreasted ba ea a hathair altrama.[6]

Ainm agus Sanas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar leis an University of Wales, is é an fhréamh athchruthaithe Prótai-Cheiltis don ainm Éire ná *Φīwerjon- (ainmneach uatha Φīwerjō),[7] agus maíonn seo an fhoirm Phróit-Ind-Eorpais *piHwerjon-. Is dócha go bhfuil gaol idir seo agus an fhoirm aidiachta *piHwer- "ramhar", cf. Sanskrit pīvan, f. pīvarī agus foirm ghaolmhar pīvara, "ramhar, lán, flúirseach". Tugadh go luath an t-ainm seo ar Oileán na hÉireann.

As Q-Cheiltis (.i. Próta-Ghoidelic) faightear an fhoirm athchruthaithe *īweriū[8] Ina Geografia, thaifead Ptolemy ainm an oileáin mar Ἰέρνη (I[w]ernē), foirm ar a bunaíodh an leagan Laidine Hibernia ní ba dheireanaí.

Chomh maith le "Éire/Éiru", úsáidtear "Banba" agus "Fódhla" uaireanta mar ainmneacha fileata d'Éirinn, díreach mar a úsáidtear Albion mar ainm fileata don Bhreatain Mhór.

  • Boydell, Barra. "The female harp: The Irish harp in 18th- and early–19th-century Romantic nationalism", RIdIM/RCMI newsletter XX/1 (earrach 1995), ll 10–17.
  1. Lebor Gabála Érenn, Books 1–8, Mary Jones' Celtic Literature Collective.
  2. Seathrún Céitinn. "Foras Feasa ar Éirinn". Foras Feasa ar Éirinn.
  3. T. W. Rolleston (24ú Iúil 2012). "Celtic Myths and Legends". Dover Publications.
  4. Leabhar Gabhála na hÉireann
  5. "Celtic heritage : ancient tradition in Ireland and Wales". Thames and Hudson (1961).
  6. Marie Henri d'Arbois de Jubainville (1870). "Revue celtique". Paris.
  7. "Celtic Lexicon". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-05-03. Dáta rochtana: 2022-06-09.
  8. Mallory, J.P. and D.Q. Adams, eag. Encyclopedia of Indo-European Culture. Londain: Fitzroy Dearborn Pub., 1997, lch. 194