Badhbh (bandia)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Badb)
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, bandia an chogaidh ab ea Badhbh (Sean-Ghaeilge Badb), a thugann the riocht caróige uirthi féin, agus dá bharr tá aithne scaití uirthi mar Badhbh Catha. Ba chúis eagla agus suaithe í i measc gaiscí, um sruth an chatha a athrú ina leith. Nochtadh sí féin roimh cath chun an t-ár le teacht a thuar, nó tairngreacht ar bhás uasail a thabhairt. Dhéanadh sí é seo scaití le scréacha caointe, i leith is gur bhansídhe í.

Nochtadh Badhbh í féin i riocht caróige.

I dteannta lena dheirfiúracha Macha agus NeamhainAnu, ba bhall den Badhbh tréidia an chatha aitheanta mar Mór-Ríoghain.[1][2][3]

Bandia an chogaidh agus an bháis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna seanscéalta Gaelacha, ba bhandia an chogaidh agus an bháis ab ea Badhbh. Thagadh sí ar an bhfód chun ár a thuar, nó páirt féin a ghlacadh i gcathanna, ina chruthaíodh sí mearbhall i measc na ngaiscí. Mar réamhtheachtaire na hoidhe, bhíodh sí ann i rochtana éagsúla. In Togail Bruidne Dá Derga, tháinig sí i riocht caillí, agus thug sí tuar maidir le treascairt Chonaire Mhóir.[4] Faightear í in Togail Bruidne Dá Choca i riocht mar an gcéanna ag tuar mharú Chormaic Chonnloingis, chomh maith le bheith ina riocht bhean nite, ag ní in áth éigin charbad agus úmacha Chormaic, ag tuar a bháis.[4][5] Tuar oilc ab ea scairteacha Baidhbhe: tuartar bás Chormaic leis na focail "Scairtfidh na badhbha bhéal-dearg thart timpeall an tí, / Beidh coirp á lorg acu" agus "Screadfaidh badhbha gealbhána".[6] Sa ról seo, tá go leor aici mar a chéile leis an mbansídhe.[7]

Bhíodh Badhbh ar an bhfód i rith cogaidh; go deimhin, luadh láthair an chatha mar "garraí Bhaidhbhe".[8] I rith an Chéad the Cath Maighe Tuireadh, throid Badb — i dteannta lena deirfiúracha, Macha agus Mór-Ríoghain — ar thaobh na side of the dTuath Dé Danann. Spreag an triúr eagla agus mearbhall i measc na bhFear Bolg, ag múscailt "scamaill dlútha ceo agus báisteach mire tine" agus ag ligint dá naimhde "nó sos nó scíth le trí lá is oíche".[9] Bhí ról mar an gcéanna ag Badhbh sa Táin Bó Cúailnge, ag sceimhliú agus ah cur dá dtreoir airm Mhéabha agus ag cur orthu titim ar a gaiscí féin.[6] Bhíodh go minic riocht baidhbhe screadta aici, ag cur eagla roimpi.[10] Chloistí í chomh maith mar ghuth i measc na marbh ar láthair an chata.[4]

Tairngreacht síochána[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh cloí na bhFomhórach ag na Tuatha Dé Danann sa Dara Cath Maighe Tuireadh, in ionad drochrath a thuar, chan Badhbh (nó Mór-Ríoghain iníon Earnmais) tairngreacht ag ceiliúradh an bhua agus tréimhse síochána.

Meán-Ghaeilge[2][11] Nua Ghaeilge[12]
Sith co nem.
Nem co doman.
Doman fo ním,
nert hi cach,
án[13] forlann,
lan do mil,
mid co saith.
Sam hi ngam...
Síth go neamh.
Neamh go domhain.
Domhain fé neamh,
neart i gcách,
corn fíorlán,
lán de mhil;
meá[14] go sáith.
Samhraidh i ngeimhreadh...

Tairngreacht deireadh an tsaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thit sé tairngreacht ansin maidir le deireadh an domhain, "gach olc a mbeadh ann, gach galar agus gach díoltas. Mar gheall sin chan sí an duan a leanas.":[3]

Meán-Ghaeilge[15][16] Nua-Ghaeilge[12]
Ni accus bith nombeo baid:
sam cin blatha,
beti bai cin blichda,

mna can feli
fir gan gail.
Gabala can righ...

feda cin mes.
Muir can toradh.

sen saobretha.
Brecfásach[17] mbrithiom-
braithiomh

cech fer.
Foglaid cech mac.
Ragaid mac i lligie a athar.
Ragaid

athair a lligi a meic.
Cliamain cach a brathar.
Ni sia nech mnai assa

tigh...
olc aimser
immera mac a athair,
imera ingen...

Ní fheicfead bith[18] a bheidh beo dom:
Samhradh gan bhláth,
Ba gan bhainne,

Mná gan fial,[19]
Fir gan ghal.
Gabháil gan rí...

Woods gan mheas[20].
Muir gan toradh...

Saobhjudgements[21] seanfhear.
Bréagfhasach[22] breitheamh,
brathadóir

gach fear.
Foghlaí gach mac.
Rachaidh mac i luí a athar,
Rachaidh

athair i luí a mhic.
Cliamhain gach bráthair.
Ní sia neach mná as a

thigh...
olcaimsir,
imreoidh mac ar a athair,
imreoidh iníon [ar a máthair] ...

Clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aithnítear Badhbh go minic mar bhall den tré "Mór-Ríoghain", cé go bhfuil cuntais ann nach dtagann le chéile. I Leabhar Gabhála na hÉireann, is iad Badhbh, Macha agus Mór-Ríoghain féin atá ann mar bhall, agus iad iníonacha bandia na talamhaíochta, Ernmas.[1] De réir an leagan seo, is iad a deirfiúr Ériu, Banba agus Fódla, an triúr máthair-déithe na hÉireann.[1]

Aithníonn leaganacha eile gurbh iníonacha an draoi Cailitin ab ea Badhbh agus a deirfiúracha.

Insítear freisin sa Leabhar Gabhála gurbh ar cheann den bheirt bhan chéile dia an cogaidh Neit ab ea Badhbh.[1] Deirtear scaití gur bhean chéile rí na bhFomhórach Tethra ab ea í.[7]

Déithe chosúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chosúlacht idir Badhbh agus Nemain ina róil mar bhandéithe an chatha agus tuair bháis. Maraon le Badhbh, aithnítear Neamhain mar bhean chéile Neit agus scaití mar bhall den tré-dhia Mór-Ríoghna. Bhaintí lead as a n-ainmneacha scaití go hinmhalartaithe, rud a mholann gurb fhéidir gurb an bandia céanna iaf.[7] Mar a mhalairt ar sin, tugann W. M. Hennessy faoi ndeara go ndeirtear go raibh tuistí éagsúla ag Badhbh agus Neamhain, a cuireann le fios nach ionann iad go hiomlán.[6]

Is amhlaidh go bhfuil gaol ar leith idir Badhbh agus bandia na na nGallach, Catubodua, nó Bodua.[7]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag lua leaganacha amhail is an Bhreatnais bod (eitleog), agus na hainmneacha Gallaise Bodvo-gnatus agus Breatnaise Bodnod, molann Alexander MacBain (1982) *bodwā- mar an fréamh Prótai-Cheiltis. Molann Julius Pokorny (1959:203) *badwā- ámh ar bhunús sonraí mar an gcéanna. Cuireann MacBain agus Pokorny beirt an fréamh le chéile leis an Sean-Ioruais böð (cogadh), agus Angla-Shacsainis beadu (cath). De réir Pokorny, is foirm leathnaithe é den fhréamh Prótai-Ind-Eorpach *bhedh- (poll, tochail) . Déanann Pokorny nasc leis an fréamh seo agus an tSanscrait bádhate (cuir faoi chois), agus an Liotuáinis bádas (gorta).

Áitíonn W. M. Hennessy go raibh brí fearg, fraochforéigean ag an bhfocal bodbbadb ó bhunús, agus tháinig in ann trátha an brí cailleach, sidhe nó bandia air, léirithe sa bhéaloideas mar feannóg.[23][6]

San Irish Dictionary 1819 le Peter O'Connell, tugtar sainmhíniú ar Badb mar "bansidhe, ... supposed to be attached to certain families, and to appear sometimes in the form of feannóg". Déanann iontrála eile trácht ar a nádúr triarach: "Macha, .i. feannóg; Morrighain, .i. an bansidhe mór; Neamhan, .i. badb catha nó feannóg"[24]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Macalister, R.A.S. (aistr.) (1941). "Lebor Gabála Érenn: Book of Taking of Ireland Part 1-5". Baile Átha Cliath: Irish Texts Society. 
  2. 2.0 2.1 Cath Maige Tuired: The Second Battle of Mag Tuired, Text 166, Author: Unknown
  3. 3.0 3.1 Elizabeth A. Gray (eag. & aistr.), Cath Maige Tuired: The Second Battle of Mag Tuired, cuid 167, 1982
  4. 4.0 4.1 4.2 Koch, John T. (Nollaig 2005). "Celtic Culture: a historical encyclopedia". Santa Barbara, Calif.: ABC-CLIO. 
  5. Davidson, Hilda Ellis (1988). "Myths and Symbols in Pagan Europe: early Scandinavian and Celtic Religions". Syracuse, NY: Syracuse University Press. 
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 Hennessy, W. M., "The Ancient Irish Goddess of War", Revue Celtique 1, 1870–72, ll. 32–37
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 Mackillop, James (2004). "A Dictionary of Celtic Mythology". New York: Oxford University Press. 
  8. Sjoestedt, Mary-Louise (2000). "Celtic Gods and Heroes". Mineola, NY: Dover Publications.  (athchló de Gods and Heroes of the Celts, Londain: Methuen, 1949)
  9. Fraser, J. (eag. & aistr.), "The First Battle of Moytura", Ériu 8, ll. 1–63, 1915
  10. Leeming, David (Samhain 2007). "The Oxford Companion to World Mythology". Nua Eabhrac: Oxford University Press. 
  11. CMT 166 - CELT [819-820]
  12. 12.0 12.1 Aistrithe go sách litriúil agus/nó liteartha le Marcas
  13. án ar eDIL
  14. meá3
  15. "The Second Battle of Mag Tuired".
  16. CMT 168 - CELT [831-832, 833, 837-840]
  17. 1 fásach ar eDIL
  18. bith (a) Lit. ar teanglann.ie FGB
  19. fial3 Lit. ar teanglann.ie FGB
  20. meas2 2. Lit. ar teanglann.ie
  21. saobh ar teanglann.ie FGB
  22. fasach (Var. fásach1)
  23. As Béarla, hooded crow, squall-crow, nó royston-crow, Corvus cornix.
  24. Walter Yeeling Evans-Wentz, The Fairy-faith in Celtic Countries, 1911, ll. 304–305