Ceithre Sheod

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Sna Scéalta Miotaseolaíochta na nGael, insítear gur thóg na Tuatha Dé Danann ceithre sheod draíochta leo go hÉirinn, ó na ceithre chathracha oileánda Murias, Falias, Gorias agus Findias.

Téacsanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear na ceithre seoda mar ábhar i dtrí téacsanna Meán-Ghaeilge ar a laghad:

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chéad athleagan den LGÉ, deirtear go raibh na Tuatha Dé Danann ina gcónaí sna hoileán tuaisceartacha an domhain, áit a teagascadh iad sna healaíona draíochta sula ndeachaigh siad i scamaill dhorcha go Connachta in Éirinn. De réir an leagain seo, thóg siad trasna na mara leo ach amháin an Lia Fáil.[3]

I leagan amháin den LGÉ, sa CMT agus téacs amháín eile, rinneadh tuilleadh forbartha ar an scéal. Deir CMT agus LGÉ, bhí ceithre chathair i n-insib tūascertachaib in domain, darb ainmneacha Falias, Gorias, Findias agus Murias.[4] Luann an LBL na cathracha, ach is amhlaidh go bhfuil siad sa Chríoch Lochlann dar leis. Tháinig na Tuatha Dé Danann — de shliocht Béothach mac Iarbonel — i dtír anseo, agus ghlacadar chucu féin druideacht, fios, fáistine[5] agus oilteacht draíochta.[6] Ar gach oileán, bhí file ann a raibh oilteacht ar leith aige sna healaíona asarlaíochta.[4]

Nuair a tháining na Tuatha Dé go hÉirinn, deirtear gur thóg siad ceithre bhall draíochta leo ó na cathracha úd:

Cathair File Ball Tréithe
Falias Morfessa nó Fessus Lia Fáil Scairteadh sé faoi bhun Ard-Rí na hÉireann.
Goirias nó Gorias Esras Sleá Lugh Níor cloíodh éinne riamh a bheartaigh é.
Findias nó Finias Uiscias nó Uscias Claíomh Solais le Nuada Airgeadlámh Níor éaligh duine uaidh riamh agus é tarraingthe óna truaille, augs níorbh fhéidir le héinne a chur ina choine. Sa Táin, tugadh Coinneal Nuada air.[7]
Muirias or Murias Semias Coire an Daghdha (acmm Coire ainsic[8]) Níor imigh buíon ar bith uaidh míshasta.

De réir A. C. L. Brown agus R. S. Loomis, is ionann sleá Lugh agus Lúin Chealtchair, a deirtear in Togail Bruidne Dá Derga gur aimsiódh i rith Cath Maighe Tuireadh é. Níl fiainise ann ámh sna foinsí liteartha a cheanglaíonn an dá ghaisce.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Leabhar Gabhála na hÉireann, eag. agus aistr. R.A.S. Macalister. Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland. Part IV. Irish Texts Society 41. London, 1941. Section VII, § 304-5.
  • Cath Maighe Tuireadh, eag. agus aistr. Elizabeth A. Gray, Cath Maige Tuired: The Second Battle of Mag Tuired. Irish Texts Society 52. Cill Dara, 1982.
  • "The Four jewels", Dán MeánGhaeilge le reámrá próis sa Leabhar Buí Leacáin, eag. agus aistr. Vernam Hull.
  • "The four jewels of the Tuatha Dé Danann." Zeitschrift für celtische Philologie 18 (1930), ll. 73-89. Le fáil ar CELT.
  • Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, eag. agus aistr. D. Comyn agus P.S. Dinneen, Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn. 4 iml. Irish Texts Society 4, 8 and 9. Londain: David Nutt, 1902-1914.

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Gray, Elizabeth A. (1981). "Cath Maige Tuired: myth and structure (1-24)". Éigse 18: 183–209. 
  • Dumézil, Georges. Jupiter, Mars, Quirinus. Essai sur la conception indo-européenne de la société et sur les origines de Rome. Gallimard, Páras, 1941; go háirithe lch. 228.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Céitinn, Foras feasa ar Éirinn. Leabhar 1, cuid 10.
  2. Cé go dtéann an scéla siar go dtí an 9ú haois, Is amhlaidh gur chuir scríobhaí Meán-Ghaeilge an réamhrá isteach, leis an LGÉ mar bhunús. Féach Gerard Murphy, "Notes on Cath Maige Tuired." Éigse 7 (1954), lch. 195.
  3. Lebor Gabála Érenn, eag. agus aistr. R.A.S. Macalister. Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland. Part IV. Irish Texts Society 41. Chéad athleagan. §§ 55-7.
  4. 4.0 4.1 Lebor Gabála Érenn Part IV § 203; Cath Maige Tuired §§ 1-2.
  5. fáitsine sic ar eDIL
  6. amainsecht ar eDIL
  7. "The Táin: From the Irish epic Táin Bó Cuailnge" (26 Meán Fomhair 2002). OUP Oxford. 
  8. ainsic ar eDIL