Lúin Chealtchair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa Rúraíocht i miotaseolaíocht na nGael, ba sleá nó ga fada é Lúin Celtchair, arm a bhí le Celtchar mac Uthechar agus beartaithe ag laochra eile, amhail Dubthach, Mac Cécht agus Fedlimid.

Saintréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sainchuntais ar úsáid ar leith agus tionchar millteanach an tsleá le fáil i dtéacsanna na Meán-Ghaeilge Togail Bruidne Dá Derga (Athleagan II) agus Mesca Ulad. Sna scéalta araon, úsáidtear seift an fhir faire ("watchman device"[1]) mar a thugtar air, chun cur síos a dhéanamh ar chuma scanrúil an laoich, Dubthach Dóeltenga.

Togail Bruidne Dá Derga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann an sleá ar an bhfód agus spiairí Ingcél Cáech ag tabhairt tuairisce ar an mbuíon mór gaiscí Chonaire Mhóir i mbrú Dhá Dheirg. D'inis Lomnae Drúth:

"Bhí sleá mór ag an bhfear sa lár, le caoga seam tríd, agus eire do thréad damh a chrann. Bheartaigh sé an sleá go dtí gur eitil spréacha chomh mór le huibheacha uaidh, nach mór, agus bhuail an stoc faoina bhos faoi thrí. Ós a gcomhair amach, bhí coire mór biadh, mór go leor do mhart, le leacht creathnach dorcha ann, agus thum an fear an sleá isteach sa leacht. Muna múchfadh an sleá go gasta, bheadh sé ar lasadh thar a chrann. Mheasfaí go raibh craos tine thuas sa tigh."

D'aithin an léirmhínitheoir Fer Rogain gur Dhubhthach (Dóeltenga) é an fear, agus mhínigh sé:

"Agus an sleá a bhí i láimh Dhubhthaigh, ba é sin Lúin Chealtchair Mac Uitheachair, a fuarthas ag Cath Mag Tuired. Gach uair a mbíonn fuil naimhde ar tí a rith ón sleá, is gá coire lán nimhe chun é a mhúchadh; sin nó lasfaidh an sleá i ndorn an fhir á iompar, agus pollfaidh sé é nó tiarna teach an rí. Marófar fear le gach urchar an tsleá, fiú muna mbuailfidh sé é; má chaitear an sleá, maróidh sé naonúr, agus beidh rí nó oidhre ríoga nó taoiseach creachach ina measc. Mionnaím ar mhionn mo dhaonna, riarfaidh Lúin Chealtchair deochanna an bháis go slua mór anocht."[2]

Mesca Ulad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Mesca Ulad

Thug fir fhaire Mhéabha tuairisc mar an gcéanna ina gcur síos ar na gaiscí ag druidim leo:

"Mórlaoch, a gha go dtí a ghualainn. Buailte ag a gha-theocht, buaileann sé stoc an mhórgha trasna a bhoise, go bpléascann lánbholg sponc-splancacha tintrithe amach thar a lann agus thar a bharr. Ós a chomhair, tá coire lán d'fhuil dhubh, de leacht millteanach, ullmhaithe i rith na hoíche lena asarlaíocht, le fuil chon agus chat agus draoithe, go dtuma barr an tsleá úd isteach sa leacht nimhiúil, le teacht a shleá-theocht."

Thug Cú Raoi le fios do Mhéabh agus a buíon go raibh Dubthach an té a chonaic na fir fhaire, agus an Lúin ar iasacht aige, agus go raibh coire lán d'fhuil dhearg ós a chomhair amach "... nára lasaí a chrann agus nára bhá an fear á iompar sa coire lán d'fhuil nimhiúil; agus is ag tuar cogaidh atá."[3] Creidtear gurb é brí na tréithe seo ná: "thuar sleánna íogara ... lena gcreathaí, teacht catha agus áir."[4]

Tugann leagan déanach den tseanscéal Cath Ruis na Ríg cur síos níos gonta ar an Lúin, ach cuireann roinnt sonraithe eile san áireamh, ina measc gur ghá ceathrar amhas chun an coire a choinnigh in áit.[5]

Maraíodh Cealtchar trí thimpiste, agus cú fiáin básaithe aige. Leag sé an sleá ina sheasamh agus shil braon fola síos an crann isteach ann, á mharú.[6]

Cúrsaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa Rúraíocht, feictear Lúin Chealtchair á chaitheamh ag gaiscí éagsúla na nUladh agus na gConnacht. Bhain Dubhthach úsáid as (Togail Bruidne Dá Derga agus Mesca Ulad), agus mharaigh Fedlimid Dubhthach féin leis an shea úd, de réir nóta i ndiaidh Togail Bruidne Dá Choca(e).[7]

De réir dáin le Cináed ua hArtacáin (bás 975), mharaigh laoch na gConnacht, Mac Céacht, Cúscraid Menn Mac Chonchúir mhic Neasa le hurchar an tsleá.[8]

Tá sliocht an freisin in LCnT, MS 1336, col. 723[9] a deir gur tháinig an sleá slán go dtí ré Chormac mac Airt, agus tháinig chuig an ainm Crimall Birnbuadach,[10] á dhéanamh dall, agus dá bharr, neamhinniúil don ríogacht. Thairis sin, maítear gurbh é an ibar alai fhidbaidha (iúr cáiliúil na coille), 'sé sin, ainm sleá Lugh mac Eithliu na dTuath Dé Danann. Tá an sliocht an mar iarscríbhinn i leagan níos deireanaí (B group) de Tairired na nDéssi, le fáil san MS cheana,[11].

Léaráid le H.R. Millar, "Lugh's Magic Spear", 1905.

Ga Assail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mholann Arthur C. L. Brown agus R. S. Loomis, tacadóirí ar son bunúis Ghaelaigh d'fhinscéalta an tSoithigh Naofa, gurbh ionann Lúin Chealtchair agus Ga Assail, sleá Lugh,[12][13] arm a luaitear i scéalta na Meán-Ghaeilge ar cheann des na Ceithre Thaisce na a dTuath Dé Danann. Thuigfí go bhfuil nasc eatarthu i Togail Bruidne Dá Derga, a deir go bhfuarthas an Lúin ag Cath Mag Tuired, ina chloígh na Túatha Dé, faoi cheannas Lugh, na Fomhóraigh. Ina theannta sin, i scéal níos deireanaí na Luath-NuaGhaeilge Oidheadh Chlainne Tuireann, déantar cur síos ar gha Lugh a gcuirfí i gcuimhne Lúin Chealtchair.[14]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téacsanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cináed Ua Hartacáin, "Fianna bátar i nEmain", eag. Whitley Stokes, "On the deaths of some Irish heroes." Revue Celtique 23, (1902), ll. 303–48.
  • Togail Bruidne Dá Derga, eag. Eleanor Knott, Togail Bruidne Da Derga. Baile Átha Cliath, 1936; aistr. Jeffrey Gantz, Early Irish Myths and Sagas. Harmondsworth: Penguin, 1986.
  • Mesca Ulad
    • eag. J. Carmichael Watson, Mesca Ulad. Mediaeval and Modern Irish Series 13. Baile Átha Cliath, 1941
    • aistr. John T. Koch, in The Celtic Heroic Age, eag. John T. Koch agus John Carey. 3ú eag. Andover, 2000, ll. 106-27
    • eag. agus aistr. W M Hennessy. Mesca Ulad: or, the Intoxication of the Ultonians. Todd Lecture Series 1. Baile Átha Cliath, 1889.
  • Aided Cheltchair mac Uthechair, eag. agus aistr. Kuno Meyer, The Death Tales of the Ulster Heroes. Todd Lecture Series. Baile Átha Cliath, 1906. 24–31. ar líne.
  • "The Expulsion of the Déisi" (TCD MS 1336). Níor eagraíodh fós an sliocht ábhartha, agus níor foilsíodh é san eagrán le Vernam Hul (eag. agus aistr.), "The later version of the Expulsion of the Déssi." ZCP 27 (1957–59): ll. 14–63.
  • Cath Ruis na Ríg (Stowe MS E IV 3), eag. agus aistr. Edmund Hogan, Cath Ruis na Ríg for Bóinn. Todd Lecture Series 4. Baile Átha Cliath, 1892.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Carey, John. Ireland and the Grail. Aberystwyth, 2007.
  • Brown, Arthur Charles Lewis. "The Bleeding Lance." PMLA 25 1910, ll. 1–59.
  • Loomis, Roger Sherman. Arthurian tradition and Chrétien de Troyes. New York, 1949.
  • O'Curry, Eugene. On the manners and customs of the ancient Irish. Vol. 3, Léachtaí vol. 2. Londain: Williams and Norgate, 1873. Ll. 324–7.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. O'Connor, R. (2014). Was Classical imitation necessary for the writing of large-scale Irish sagas? Reflections on Táin Bó Cúailnge and the “Watchman Device”. In R. O'Connor (Eag.), Classical Literature and Learning in Medieval Irish Narrative (ll. 165-195). D. S. Brewer.
  2. Togail Bruidne Dá Derga, eag. Knott, ll. 37–8; aistr. Gantz, lch. 97.
  3. Mesca Ulad § 44, aistr. Koch, CHA, lch. 120.
  4. Hennessy, Mesca Ulad. Or, the Intoxication of the Ultonians. xv.
  5. Cath Ruis na Ríg, eag. agus aistr. Hogan, ll. 78-9.
  6. Aided Cheltchair mac Uthechair, eag. agus aistr. Meyer, ll. 30–1
  7. Stokes, Whitley, eag. agus aistr. "Da Choca's Hostel [Bruiden Da Chocae]", Revue Celtique 21, Notes, lch. 401. I measc nótaí le Stokes ar §59, deirtear go dtéann an B-téacs ó fhréamh an A-téacs faoi bhun (TCD MS 1337) ag an bpointe seo, agus go bhfuil nóta ag bun an MS A-téacs (lch. 724?) a insíonn faoi "... dúnmharú Dhubhtaigh le Feidhlimidh leis an sleá cáiliúil darb ainm Lúin Celtchair".
  8. Cináed Ua hArtacáin, "Fianna bátar i nEmain", eag. Stokes, lch. 308 § 16. Deir O'Curry trí dhearmad gurbh é Cet mac Mágach a mharaigh Cúscraid. O'Curry, On the manners and customs of the ancient Irish, vol. III: lch. 325.
  9. Mesca Ulad, eag. Hennessy, réamhrá, lch. xiv.
  10. Is amhlaidh gurb ionann sin agus gai buafnech (sleá nimhiúil), leasainm Aonghasa, caochóir Chormaic, mar a mhol Hennessy loc. cit., cé go measann T. F. O'Rahilly (EIHM, 65) gurbh ionann é agus Loegaire Bern Buadach
  11. LCnT MS 1336, cols. 720b-723a, denoted variant H text in Kuno Meyer eag., Tucait indarba na nDéssi, Anecdota from Irish Manuscripts, vol. i. (1907), ll. 15–24. Tá leagan eile den teideal san H-téacs, Cóecad Cormaic i Temraig (Caochadh Chormaic i dTeamhair), de réir Arbois de Jubainville, Essai d'un catalogue, lch. 90
  12. Loomis, Arthurian tradition, ll. 379–82
  13. Brown, "The Bleeding Lance."
  14. Carey, Ireland and the Grail, lch. 169, nóta 6.