Ruadhraí mac Deala

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarRuadhraí mac Deala
Cineálduine
carachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, ba dhara hArd-Rí na hÉireann é Ruadhraí (Sean-Ghaeilge Rudraige, Meán-Ghaeilge Rudhruidhe[1]) mac Deala, sliocht de na Fir Bholg, i gcomharbacht ar a dheartháir, Sláine.

Nuair a tháinig na Fir Bholg go hÉirinn mar lonnaitheoirí, roinn cúigear mic Dheala an tír eatarthu. Tháinig Ruadhraí i dtír ag Trácht[2] Rudraige[3] (Trá Ruadhraí, Dún Droma, Contae an Dúin) agus thóg sé cúige Uladh. Bhí seisean agus a dheartháir Geanann ina dtaoisigh de chuid muintir na bhFear Bolg aitheanta mar na Fir Domnann, dream stairiúil a bhí gaolta b'fhéidir leis na Dumnonii, a bhíodh ina gcónaí sa Bhreatain agus sa Ghaill.

Tar éis bhás Sláine, rinneadh Ard-Rí de Ruadhraí feadh dhá bhliain, go dtí go bhfuair seisean bás ag Brú na Bóinne. Tháinig a dheartháireacha Gann agus Geanann i gcomharbacht air.

Pearsana eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear Rudraige mar ainm do bheirt phearsana eile i miotaseolaíocht na nGael. Bhí duine amháin dóibh ná mac Pharthaláin, duine eile Ard-Rí de shliocht Mhíl Easpáine sa 2a nó 3ú haois RC. Tá an triúr acu gaolta le cúige Uladh, agus is amhlaidh go bhfuil siad go léir fréamhaithe le sinsear-dhia na nUladh.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Rughruidhe in FFÉ, cf. Foinsí
  2. 1 trácht ar eDIL
  3. Brickland, County Down Curtha i gcartlann 2020-11-28 ar an Wayback Machine ar placenamesni.org


Réamhtheachtaí
Sláine
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1933–1931 RC
FFE 1513–1511 RC
Comharba
Gann agus Geanann