Biróg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I Miotaseolaíocht na nGael, bán draoi na Tuath Dé Danann ab ea Bioróg (Sean-Ghaeilge Biróg).

I scéal an bhéaloidis bailithe ag John O'Donovan in 1835, insítear gur chuala Balar, gaiscíoch na bhFomhórach, tairngreacht go maródh a gharmhac féin é. Um é seo a cheilt, choinnigh sé a aon-iníon Eithne ina príosúnach i dtúr ar Thoraigh, as radharc agus caidreamh gach fear. Thug Bioróg cabhair ámh d'fhear darbh ainm Mac Cinnfhaelaidh, a ghoid Balar a bhó dhraíochta, dul isteach sa túr agus í a mhealladh. Rugadh trírín d'Eithne, ach bhailigh Balar isteach i mbraillín iad agus thug sé do theachtaire iad chun iad a bhá i nguairneán. Bháigh an teachtaire beirt leanaí, ach de thaisme lig sé duine dóibh titim sa chuan, áit a tharrtháil Bioróg é. Thóg sí an leanbh chuig a athair, a thug é dá deartháir, Gaibhne an gabha, le haltramas. Agus an buachaill fásta, mharaigh sé Balar.[1]

Agus an scéal curtha i gcomparáid le téacsanna amhail is Cath Maighe Tuireadh agus Leabhar Gabhála na hÉireann, is léir gur Lugh é an buachaill anaithnid, agus gurb athair Lugh, Cian, é Mac Cinnfhaelaidh mar ionadaí.[2][3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. John O'Donovan (eag. & aistr.), Annala Rioghachta Éireann: Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters Iml. 1, 1856, ll. 18–21, fonóta S
  2. T. W. Rolleston, Myths and Legends of the Celtic Race, 1911, ll. 109–112
  3. Lady Gregory, Gods and Fighting Men, 1094, ll. 27–29