Caer Ibormeith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I Miotaseolaíocht na nGael, bandia an taibhrimh agus na tairngreachta ab ea Caor Iúrmheatha[1] (Sean-Ghaeilge Cáer Ibormeith), iníon Ethal Anbuail at Sid Uamuin i gConnacht. Riocht eala a bhíodh aici de ghnáth, ach gach re Samhain, d'iompaíodh i riocht duine daonna ar feadh aon lá ceilteach amháin (a thosaíodh ag dul faoi na gréine).

Aisling Aonghasa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Aislinge Oenguso

I rith taibhrimh Aonghasa, a mhair ar feadh bliana, sheas Caor in aice a leapa, ach dá shínfeadh sé amach di, rachadh sí as radharc.[2]

Chuaigh Aonghas ar tóir cailín a aislinge ag Loch Béal an Dragain[3] agus d'aimsigh sé céad cailín is caoga nasctha le chéile, Caor a stór ina measc. Dúradh le hAonghas go mb'fhéidir leis Caor a phósadh, dá bhféadfadh sé in ann í a aithint ina riocht eala. D'éirigh leis ina thogha agus leis sin, rinne Aonghas eagla dó féin, agus as go brách leo ag eitilt go Brú na Bóinne, a áit chónaithe le fada an lá. Chan siad chomh bhinn sin ar a slí leo gur thit a n-éisteoirí ar fud na hÉireann a chodladh le trí lá agus oíche.[4] Phós Caor Aonghas, agus, i measc rudaí eile, ba mháthair altrama Diarmada í.

Oidheadh Chlainne Lir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá móitíf athraithe i riocht eala le fáil i scéal chlainne Lir ar aon. Thugtaí an-urraim don eala maraon leis an ngrús, mar gheall ar a chumas san aer, ar thalamh agus ar mhuir, agus dá bharr ainmhí fíordhraíochta, in ann a aistriú go domhain eile. Ina theannta sin, bhí an grús gaolta le hathrú go riocht duine dhaonna, lena chumas seasaimh go hard ar talamh.[5]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Jeffrey Gantz. 1982. Early Irish Myths and Sagas. Penguin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. nó b'fhéidir *Iúrmhéith? meth, méth ar eDIL
  2. "The Aisling | Not so Sweet Dreams in Irish Mythology" (en-GB). aliisaacstoryteller. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-03. Dáta rochtana: 2019-05-03.
  3. Loch Mhúscraí ar logainm.ie. Féach freisin Lough Muskry & St Patrick ar The Tipperary Antiquarian
  4. The Dream of Oengus, The Celtic Literature Collective ar maryjones.us
  5. "The Ritual of the Crane Dance Curse in Irish Mythology" (en-GB). aliisaacstoryteller. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-03. Dáta rochtana: 2019-05-03.