Ceasair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is pearsa ó Leabhar Gabhála na hÉireann í Ceasair (Sean-Ghaeilge CessairCesair), le brí Brón, Cruatan. De réir an LGÉ, ba cheannaire na chéad lonnaitheoirí ía tháinig go hÉirinn, roimh an Díle.[1] D'fhéadfadh gur iarracht é seo miotas níos luaite págánach a athinsint do lucht Chríostaí,[1] ach b'fhéidir mar mhalairt air sin gur toradh bréagstaire tar éis an iompú é.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an LGÉ, iníon Bith mac Naoi (neamh-bíobalta) agus a bhean chéile Birren ab ea Ceasair.[1] Tá an t-ainm Bith fréamhaithe ón Protai-Ceilteach *bitu-, a thugtaí go minic mar chuid d'ainmneacha ríthe na nGallach agus Cheiltigh na nOileán (cf. Bituitus).[2][3]

I leaganacha áirithe den scéal, d'inis Naoi dóibh dul go dtí teorainn iarthair an domhain, chun an Díle atá le teacht a éalú. I leaganacha eile, tar éis a séanadh áit ar Áirc Naoi orthu, deir Ceasair leo íol a dhéanamh chun comhairle a thabhairt dóibh. Deir an íol leo éalú ón Díle thar mhuir go hÉirinn. D'imigh siad ar thrí long ar thuras fada, ach nuair a rinne siad iarracht teacht i dtír, cailleadh dhá long. I measc iad a tháinig slán, ní raibh ach Ceasair, naonúir bán is daichead agus triúr fear: Fintán mac Bóchra, Bith and Ladra. Tháinig siad i dtír ag Dún na mBárc[4] ar Bá Bheanntraí, daichead lá roimh an Díle, in Aois an Domhain 2242[5] de réir Annála na gCeithre Máistrí, nó 2361 RC de réir chroineolaíocht Sheathrúin Chéitinne.

Roinneadh an triúr fear go cothrom idir na mná. Go háirithe, thóg Ceasair Fintán, thóg Bairrfhind Bith agus thóg Alba Ladra. Fuair Bith agus Ladra bás tamaillín ina dhiaidh, áfach (ba é Ladra an chéad fhear curtha faoi in Éirinn). Fágadh Fintán ina aonar leis na mná, ach chuaigh an obair sa mhuileann air agus theith sé. Nuair a tháinig an Díle, nis tháinig ach Fintán slán. Rinneadh bradán salmon de agus níos deireanaí iolar. Mhair sé 5,500 bliain tar éis na Díle, nuair a rinneadh fear de arís agus d'inis sé scéal stair na hÉireann.

De réir an tseanscéil, fuair Ceasair bás ag Cúil Ceasra(ch) i gConnacht agus curadh carn, Carn Ceasra(ch), thar a corp. Deirtear go bhfuil an carn seo in aice le Mainistir na Búille i gContae Ros Comáin, nó b'fhéidir ag Cnoc Meá[6] i gContae na Gaillimhe (Lynch, 2006).

De réir leagan níos luaite den scéal, is amhlaidh sa Cín Dromma Snechtai atá caillte, ba í Banbha an chéad bhean a tháinig go hÉirinn, lena beirt deirfiúracha, triúr fear agus caoga ban.[7] Ba thrédhia na talún iad Banbha, Fódhla agus Ériu, agus ba iad Mac Cuill, Mac Cecht agus Mac Gréine a bhféar chéile. I leaganacha na Críostaíochta, is amhlaidh go seasann Ceasair, Bairrfhind agus Alba in áit an trébhandia, agus Fintán, Bith agus Ladra in áit an triúr déithe.[8][9]

D'fhéadfadh é chomh maith go bhfuil nasc idir Fintán/Mac Cuill agus an bradán feasa, a bhain eolas go léir an domhain amach tar éis dó naoi gcnó choill, a thit i d[Tobar Connla]] isteach, a ithe. Is amhlaidh de réir a n-ainmneacha gur mháithreacha sinseartha an domhain iad compánach Cheasaire, ina measc: German (Gearmánaigh), Espa (Spáinnigh), Alba (Briotanaigh), Traige (Tráiciaigh), Gothiam (Gotaigh), srl. Sa chaoi seo, "le teacht dream Cheasaire, cruthaíodh in Éirinn domhnán de dhaonra an domhain go léir". Tugann ainmneacha roinnt compánach eile, bandéithe ársa na hÉireann chun cuimhne.[9]

Déanann Seathrún Céitinn trácht ar seanscéal gur shéid stoirm mhór triúr iascairí — Capa, Laigne agus Luasad — ón Iberia go hÉirinn, bliain roimh an nDíle. Thaitin an tír leo, chuaidh siad abhaile chun a mná chéile a bhailiú, tháinig ar ais tamaillín roimh an nDíle, agus bádh go léir ansiúd iad.

De réir seanscéal Gaelacha eile na meánaoise, is é Ceasair ainm d'iníon rí Gallia, a phós Ard-Rí na hÉireann, Úgaine Mór, sa 6ú nó 5ú haois RC.

Tá leagan eile fós ag Mallory.[10] Bhí céad is caoga ban agus triúr fear maraon leis na scéalta eile. Fuair an chéad fhear bád agus currach faoi é i gContae Loch Garman. Bhí céad ban anois ag an dara fear agus d'éag é le teann corthachta. Chuaigh an 150 ban ansin sa tóir ar an bhfear a raibh fós ann, ach léim sé isteach san fharraige agus rinneadh bradán de.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 "Cesair 1," A Dictionary of Celtic Mythology. James McKillop. Oxford University Press, 1998
  2. 1 bith ar eDIL.
  3. Bituitus
  4. Dún na mBárc
  5. Annál 2242. Ní dhéantar aon iarracht RC a thabhairt do na heachtraí seo.
  6. Cnoc Meá ar logainm.ie
  7. Koch, John T.. Celtic Culture: A Historical Encyclopedia. ABC-CLIO, 2006, lch. 165
  8. Carey, John. The Irish National Origin-Legend: Synthetic Pseudohistory. University of Cambridge, 1994, lch. 21
  9. 9.0 9.1 Monaghan, Patricia. The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore. Infobase Publishing, 2004, lch. 85
  10. J.P. Mallory, The Origins of the Irish, Thames & Hudson (2013), Chuid a Seacht ISBN 9780500051757


Roimh
none
Lionnaitheoirí miotasacha an hEireann
ACM 2958 BC [1]
FFE 2361 BC [2]
Tar Éis
Parthalán