Mac Coill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I Miotaseolaíocht na nGael, ba shliocht na dTuath Dé Danann é Mac Coill (Sean-Ghaeilge Mac Cuill) mac Cermait mac Daghdha. Ba é a phríomhainm ná Éthur ach tugadh a leasainm dó as a dhia Coll. Ba í Banbha a bhean chéile.

Ba iad é féin agus a dheartháireacha Mac Cecht agus Mac Gréine a mharaigh Lugh mar chúiteamh ar a n-athair. D'éirigh an triúr acu ina chomh-Ard-Ríthe na hÉireann, ag déanamh sealaíochta ar a chéile gach bliain, ar feadh fiche naoi nó tríocha bliain ag brath ar fhoinse. Na ríthe deireanacha de shliocht na dTuath Dé Danann roimh theacht na Míl Easpáine ba ea iad.


Réamhtheachtaí
Fiacha
Ard-Rí na hÉireann
(le Mac Cecht agus Mac Gréine)

ACM 1730–1700 BC
FFE 1317–1287 BC
Comharba
Éber Finn agus Érimón