Oghma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, ba é Oghma (Sean-Ghaeilge Ogma) sliocht de chlann Tuatha Dé Danann. Meastar go minic gurbh é dia cainte agus teangan, chomh maith le solabharthachta agus foghlama. Deirtear gur chum sé an aibítir Ogham, a bhfuil ainmnithe as.[1]

Lee Lawrie, dealbh cré-umha d'Oghma (1939). Library of Congress.

Sinsearacht agus clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Elatha a athair agus Eithne a mháthair a deirtear de ghnáth,[2] Éadaoin scaití.[3]. Sa chlann leis, bhí Daghdha, Fiacha, Delbáeth, Allód agus Bres. Ba iad Dealbhaodh[4] agus Tuireann beirt i measc a mhac.[5]

Faightear go minic é mar bhall de thré le Daghdha (a lándeartháir) agus (a leasdeartháir), aithnithe scaití mar na trí dé dána,[6][7] cé go dtugtar an t-ainm sin go dreamanna eile i bhfoinsí áirithe.

Gaol le Ogmios[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh go bhfuil gaol ann idir é agus dia na nGallach, Ogmios.

Tá sé molta ag scoláirí miotaseolaíocht na nGael gur iarsma é Oghma de dhia ársa ceilteach. Cuirtear é le taobh Ogmios (a chuirtear le taobh Heracles) de dheasca a chalmacht catha agus a chumadh Oghaim. Cuireann J. A. MacCulloch buafhocal Oghma, grianaineach, i gcomparáid le cur síos Lucian den "aghaidh aoibhiúil" Ogmios, agus molann gur laoch na dTuath Dé de bharr "an tseannóis um croíthe na laochra roimh cath a tharraingt le hóráidí solabhartha",[8] cé nach bhfuil a leithéid soléir sna téacsanna. Séanann scoláirí mar Rudolf Thurneysen agus Anton van Hamel nasc ar bith idir Oghma agus Ogmios.[1]

Cath Mhaighe Tuireadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Throid Oghma sa chéad chath Mhaighe Tuireadh, nuair a chuir na Tuatha Dé na Fir Bholg faoi chois agus chloígh Éire.[9]

Agus an leath-Fhomhórach Bres i réim, cuireadh na Tuatha Dé faoi chois. B'éigean d'Oghma adhmad tine a iompair, ach ba é an t-aonar a chalmacht a chruthú os comhair an rí. Cuireadh Bres dá choróin, agus cuireadh an full line na dTuath Dé ar ais faoi Nuada Airgeadlámh, agus ba é Oghma a churadh. Nuair a tháinig Lugh ar an bhfód agus bhagairt a chumhacht, thug Oghma dúshlán dó, ag ardú a leac mhór (nárbh fholáir de ghnáth ochtó damh chun í a bhogadh) agus chaith le teannadh í as Teamhair. Thug Lugh a fhreagra, ag caitheamh an leac ar ais.

Nuadu handed command of the Battle of Mag Tuired to Lugh, agus d'éirigh Oghma ina churadh Lugh. Gheal sé go sé rí na bhFormhóraigh, Indech, agus trian den arm a chloí. I rith na catha, d'aimsigh sé Orna, claíomh rí na bhFormhóraigh Tethra, a d'insíodh faoi gníomhartha déánta agus é lom. I rith na catha, thia Oghma agus Inneach i gcomhrac aonair. Tá roint éiginnteachta sna téacsanna, ámh; in Cath Maighe Tuireadh, tar éis an chatha, chuaigh Oghma, Lugh agus Daghdha triúr sa tóir ar na Fomhóraigh, chun cláirseach Uaitne, cruitire an Daghdha, a fháil ar ais.[10][11][12]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 310
  2. Fraser 1915, §49; Stokes 1891, lch. 77
  3. Stokes 1891, lch. 69
  4. Macalister 1941, §64
  5. Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eag.), "The Fate of the Children of Turenn", Ancient Irish Tales, Henry Holt & Co, 1936, lch. 49
  6. Stokes 1891, ll. 81, 83, 109
  7. A. H. Leahy (eag. & aistr.), "The Wooing of Étain" §18, Heroic Romances of Ireland Volume II, 1902
  8. J. A. MacCulloch, The religion of the ancient Celts. New York: Dover Publications, 1911, Ch. V. ISBN 0-486-42765-X
  9. J. Fraser (eag. & aistr.), "The First Battle of Moytura", Ériu 8, ll. 1-63, 1915
  10. R. A. S. Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: Book of the Taking of Ireland Part 4, Irish Texts Society, 1941
  11. Whitley Stokes (eag. & aistr.), "The Second Battle of Moytura", Revue Celtique 12, ll. 52-130, 306-308, 1891
  12. Vernam Hull (eag. & aistr.), "Cairpre mac Edaine's Satire Upon Bres mac Eladain" Zeitschrift für Celtische Philologie 18, 1930