Parthalán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Partholón)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarParthalán
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata

Is pearsa é Parthalán (Sean-Ghaeilge Partholón) i mbréagstair Chriostaí na hÉireann. Deirtear gur cheannaire é de dhream mór lonnaitheoirí a tháinig go hÉirinn tráth, ach is léir nach bhfuil ann ach seanscéal cumtha le scríbhneoirí Chríostaí.[1]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-ainm "Parthalán" fréamhaithe ó ainm an bhíobla "Bartholomaeus". D'fhéadfadh é chomh maith gur glacadh an t-ainm ó phearsa i mbréagstartha Chríostaí le Naomh Iaróm agus Naomh Isidoro Sevilla.[2][3]

Seanscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba cheannaire é Parthalán den dara dream a tháinig go hÉirinn chun í a lonnú agus í neamháitrithe, trí chéad bliain tar éis na Díle. Creidtear gurbh é ba chúis le gníomhaíochtaí áirithe a thabhairt isteach amhail is feirmeoireacht, cócaireacht, grúdaireacht agus foirgníocht. Tar éis roinnt blianta, d'éag go léir iad den phlá laistigh d'aon seachtain amháin.

Historia Brittonum[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an tagairt is luaite do Pharthalán le fáil san Historia Brittonum, cnuasach scéalta Briotanach den 9ú haois, scríofa as Laidin agus le Nennius a luaitear é. Insítear ann gur tháinig trí dhream lonnaitheoirí éagsúla go hÉirinn, agus gurbh é Partholomus an chéad a tháinig ón Ibéir le míle dá mhuintir. Mhéadaigh líon na ndaoine go ceithre mhíle sular éag siad go léir den phlá laistigh d'aon seachtain amháin.[4]

Leabhar Gabhála na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Leabhar Gabhála na hÉireann (bréagstair Chríostaí na hÉireann den 11ú haois), deirtear gur lonnaíodh Éire sé huaire, agus Parthalán agus a mhuintir an dara dream acu.[5] D'fhéadfadh é gur toghadh uimhir a sé chun teacht le "Sé Aois an Domhain".[6] De réir an Leabhar Gabhála, bhí Éire neamháitrithe i ndiaidh bás Ceasaire agus a leantóirí sa Díle. Insítear gurbh as an nGréig é Parthalán mac Sera mac Sru de shliocht Magog mac Japheth mac Naoi. Sheol Parthalán agus a mhuintir go hÉirinn tríd an Sicil agus an Ibéir. Tháinig siad i dtír in Éirinn ag Inbhear Scéine (Neidín i gContae Chiarraí), 300 nó 312 bliain tar éis na Díle. In éineacht le Parthalán bhí a bhean chéile Dealgnaid, a dtriúr mac (Slanga, Rudraige agus Laiglinne), mná chruinne na mac (Nerba, Cichba agus Cerbnad), agus míle leantóirí.

Fuair Parthalán agus a mhuintir go léir — cúig mhíle fear agus ceithre mhíle ban — bás den phlá laistigh d'aon seachtain amháin, ar an Seanmhagh in aice le Tamhlacht an lae inniu.

Foras Feasa ar Érinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Seathrúin Chéitinne agus é ag scríobh sa 17ú haois ina chnuasach Foras Feasa ar Éirinn, tháinig muintir Pharthaláin sa bhliain 2061 RC. Maíonn sé gur mhac Sera, rí na Gréige, ab ea Parthalán ach gur theith sé a thír dhúchais tar éis dó a athair agus a mháthair a dhúnmharú. Chaill sé a shúil chlé i rith an ionsaí ar a dtuistí. Sheol sé lena leantóirí tríd an Sicil agus tar éis turas dhá mhí go leith, tháinig go hÉirinn as an iarthar.

Nuair a tháinig Parthalán, ní raibh in Éirinn ach aon mhagh oscailte, trí loch agus naoi abha. Ghlan sé agus a mhuintir ceithre mhagh sa bhreis, agus tharla seacht dtomhaidhm a chruthaigh locha nua. Luaitear pearsana ainmnithe le tabhairt isteach riar bólachta, treafa, cócaireachta, tithe cónaithe, trádála agus roinnt na tíre i gceithre chuid.

Le linn Chath Maighe Iotha, an chéad chath troidte in Éirinn, chloígh Parthalán na Fomhóraigh faoi cheannas Cichol Gricenchos. Bhí na Fomhóraigh ar an oileán cheana roimh theacht Pharthaláin.[7]

Tá dán ann sa Leabhar Gabhála, forbartha ag Céitinn, a insíonn go raibh Parthalán agus a bhean chéile, Dealgnaid, ina gcónaí ar oileán beag i mbéal na hÉirne. Agus amach ar turas tráth, mheall Dealgnaid giolla darbh ainm Topa. As a aithle sin, d'ól siad roinnt de leann Pharthaláin, nárbh fhéidir a fháil ach trí fheadán óir. Thuig Parthalán an caidreamh nuair a d'ól sé féin cuid dá leann agus d'aithin blas bhéil Dhealgnaí agus Topa ar an bhfeadán. Mar chúiteamh, mharaigh sé cú Dhealgnaí agus Topa. Ach dúirt Dealgnaid neamhaithríoch gurbh ar Pharthalán an locht, toisc gurbh ionann iad a fhágaint ina n-aonair agus mil a fhágaint le bean, bainne le cat, uirlisí géaraithe le ceardaí, nó feoil le leanbh, agus bheith ag súil nach mbainfidís leas as. Is é sa scéal seo an chéad chur síos idir adhaltranas agus éad in Éirinn. Inis Samhaoir[8] is ainm don oileán, as Saimer, cú Dhealgnaí.

Annála na gCeithre Máistrí[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Annála na gCeithre Máistrí, deirtear gur tháinig Parthalán agus a mhuintir in 2520 Anno Mundi (tar éis cruthú an domhain de réir Geineasas sa Bhíobla). Deirtear sa saothar seo gur éag siad den phlá trí chéad bliain tar éis a dteachta, i mí Bealtaine. Níor tháinig ach fear amháin slán, Tuan, mac Starn, dheartháir Pharthaláin. Saoi ab ea Tuan, agus gach eolas aige faoi stair na hÉireann, óir gur mhair sé ó ghlúin go glúin i n-ionchollaithe éagsúla. I ndeireadh na dála, ath-rugadh é mar mhac taoisigh darbh ainm Caireall, sa 6ú haois le linn ré Cholm Cille. Ba chuimhin leis gach ar chonaic sé, agus dá bharr caomhnaíodh scéal Pharthaláin.

Scéalta eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir téacsanna eile na meánaoise gur tháinig siad go hÉirinn agus Abrahám seasca bliain d'aois.

Deir foinsí níos deireanaí go bhfuair Partholón bás tríocha bliain tar éis a theachta go hÉirinn.

Ba shin-seanathair Nemeid é Tait, deartháir Pharthaláin.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ellis, Peter Berresford (2 Mar 2007). "Eyewitness to Irish History". John Wiley. [nasc briste go buan]
  2. Carey, John. The Irish National Origin-Legend: Synthetic Pseudohistory. University of Cambridge, 1994, lch. 9
  3. Monaghan, Patricia (14 Bealtaine 2014). "The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore". Infobase Publishing. [nasc briste go buan]
  4. Giles, J. A. (aistr.), "Nennius' History of the Britons" §13, Six Old English Chronicles, Bohn's Antiquarian Library, 1848
  5. Leabhar Laighneach, Lebor Gabála ar CELT. CnT MS 1339 (olim H 2.18), ff. 4-6.
  6. Sjoestedt, Marie-Louise (1949). Celtic Gods and Heroes. Dover Publications, 2000, lch. 3
  7. Féach Leabhar Gabhála na hÉireann.
  8. Inis Samhaoir ar logainm.ie


Réamhtheachtaí
Ceasair
Lonnaitheoirí miotasacha na hÉireann
ACM 2680 RC
FFE 2061 RC
Comharba
Neimheadh