Neimheadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Nemed)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarNeimheadh

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata

Is pearsa i Miotaseolaíocht na nGael é Neimheadh (Sean-Ghaeilge NemedNimeth). De réir Leabhar Gabhála na hÉireann (bailithe san 11ú haois), ba cheannaire é den tríú dream a tháinig mar lonnaitheoirí go hÉirinn – 'sé sin, i ndiaidh mhuintir Cheasrach agus mhuintir Pharthaláin. Deirtear gur tháinig siad 30 bliain tar éis éaga mhuintir Parthaláin. Is léir gur éag muintir Neimhidh, agus/nó d'fhág siad Éire arís.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

As Sean-Ghaeilge, ciallaíonn neimed "gustalach" nó "naofa".[1][2] Feictear an fhréamh Prótai-Cheiltis *nemos fós san fhocal Nua-Ghaeilge "neamh". Sna seanchreidimh Cheilteacha ar fud na hEorpa, b'áit adhartha é nemeton (ina measc teampaill, scrínte agus suíomhanna naofa nádúrtha).[3][4][5]

Feictear an fhréamh chéanna i logainmneacha ar fud na hEorpa ceiltí, ón Spáinn agus Albain go Galatia (sa Tuirc an lae inniu),[4] an treabh darbh ainm Nemetes as ceantar lárnach na Réine, agus a bhandia Nemetona.[3]

Ginealach[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tá ginealach ag Neimheid a théann siar chuig Naoi, maraon leis na lonnaitheoirí a tháinig roimhe. Ba é Nemed mac Agnoman of Scythia, mac Piamp, mac Tait, mac Sera, mac Sru, mac Esru, mac Friamaint, mac Fathochta, mac Magog, mac Japheth, mac Naoi. De réir seanscéalta eile, ba de shliocht mac Phartaláin é Nemed, darbh ainm Agla i gceantair oirthearacha.[6]

Teacht i dtír[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Éire neamháitithe ó d'éag muintir Parthaláin den phlá. Sheol Neimhreadh agus a mhuintir amach ón Mhuir Chaisp ar cheithre long is daichead, ina measc a bhean chéile Macha, agus a cheathrar mac Starn, Iarbonel 'an Fáistineach', Annind, agus Fergus 'Red-Side'. Tar éis ceithre bliana go leith ar an mhuir, áfach, níor tháinig slán ach bád Neimhridh. Fuair Macha bás dhá lá dhéag tar éis a dteachta, agus cuireadh faoi ag Ard Mhacha í.

Tugtar dhá dháta sách éagsúla do theacht mhuintir Neimhidh: 2350 RC de réir Annála na gCeithre Máistrí, nó 1731 RC i croineolaíocht Sheathrúin Chéitinne.

Ghlan muintir Neimhidh dhá mhagh déag: Mag Cera, Mag Eba, Mag Cuile Tolaid agus Mag Luirg i gConnacht; Mag Seired i dTethba; Mag Tochair i dTír Eoghain; Mag Selmne in Dál Araide; Mag Macha in Airgíalla; Mag Muirthemne in Brega; Mag Bernsa i Laighin; agus Leccmag agus Mag Moda i Mumhan.

Thóg siad i dteannta sin dhá dhún ríoga: Ráth Chimbaith i Semne agus Ráth Chindeich in Uí Nialláin. Thochail Boc, Roboc, Ruibne agus Rotan, ceathrar mac Matan Munremar, an dún Ráth Chindeich laistigh d'aon lá amháin. Mharaigh Neimheadh iad roimh éirí na gréine an mhaidin dár gcionn.

Sceith ceithre loch as an talamh le linn ré Neimhidh, ina measc Loch Ainninn[7], a sceith amach nuair a bhí uaigh Anninne á tochailt. Is iad na trí loch eile ná: Loch gCál[8] in Uí Nialláin, Loch Munremair i Luigne, agus Loch Dairbhreach[9] sa Mhí.

Na Fomhóraigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Neimheadh ceithre chath in éadan na bhFomhórach.[10][11] Tharla na cathanna seo ag Ros Fraechain, inar maraíodh ríthe na bhFomhórach Sengann agus Gann;[12] ag Badbgna i gConnacht; a Cnamros i Laighin, inar maraíodh Artur, chéadmhac Neimhidh a rugadh in Éirinn; agus ag Murbolg i nDál Riata, inar maraíodh Starn ag an Fomhórach Conand.

Naoi mbliana tar éis a theachta, fuair Neimheadh bás den phlá,I dteannta le trí mhíle dá mhuintir. Trá a uaigh ar an gcnoc Ard Nemid ar An Oileán Mór i gCuan Chorcaí. Chuir na Fomhóraigh Morc agus Conand faoi chois muintir Neimhidh a tháinig slán. Gach Samhain, b'éigean dóibh dhá thrian dá bpáistí, dá gcuid grán agus dá gcuid bainne a thabhairt do na Fomhóraigh. Is amhlaidh gurb í an cháin seo "breac-chuimhne den íobairt a dhéantaí ag tús an gheimhridh, nuair a bhíodh cumhachtl an dorchadais agus an meatha i dtreis".[13]

Tar éis tréimhse fada, d'éirigh Muintir Neimheadh amach in éadan na bhFomhórach agus d'ionsaigh siad áit chónaithe Chonand, a thúr ar oileán Thoraí, le 60,000 gaiscíoch (30,000 ar mhír, 30,000 ar thalamh), agus chloígh siad Conand. Thosaigh Morc ionsaí ansin, ach bádh muintir Neimhidh go léir, nach mór, de bharr tonn tuile. Níor éalaigh ach aon long amháin le tríocha fear. Chuaigh chuid acu go dtí "tuaisceart an domhain", cuid eile go Breatain, sinsir na mBriotanach, agus an chuid eile go dtí deisceart na Gréige. Ní raibh duine ná deoraí at an oileán ansin le haghaidh 200 bliain anuas.

Historia Brittonum[cuir in eagar | athraigh foinse]

Insítear san Historia Brittonum — a scríobhadh muis luaite ná an is Leabhar Gabhála — nach raibh ach trí lonnuithe in Éirinn, agus muintir Neimheidh an dara dream acu. Deir sé gur tháinig siad ó Iberia agus d'fhan in Éirinn ar feadh tamaill fhada ach againn d'fhill ar ais go hIberia. Sa Leabhar Gabhála, ardaítear méad na lonnuithe go sé chinn agus muintir Neimheidh an tríú dream acu. D'fhéadfadh é go ndearna sin chun bheith ar chomhmhéad le Sex Aetates Mundi.[14]

San Historia Brittonum, insítear scéal faoi lonnaitheoirí a bádh agus iad ag iarraidh túr a ionsú ón mhuir. Sa scéal seo ámh, is iad muintir Mhíl Easpáine ionsaitheoirí an túir, déanta as gloine.[15]

Chomhainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá lua eile ann i miotaseolaíocht na nGael do phearsa darb ainm Nemed, 'sé sin, Nemed mac Nama. D'fhéadadh é nó nach gurb é an duine céanna luaite san LGE. Insítear gur ghaiscíoch-rí mór le rá é an Nemed seo, a thóg dhá chapall le Sióga de Sid Ercmon. Nuair a scaoileadh na capaill ón sidhe, scuab sruthán darbh ainm UanobOin Aub[16][17] ("cúr-abha") iad agus chuir cúr thar an tír ar feadh bliana. Luaigh Cú Chulainn an abha mar seo: "Tháinig mé thar chúr dhá chapall Eamhana".[18]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Uraicecht Becc ("Bunleabhar Beag") (aistr. 1881).
  2. neimed ar eDIL
  3. 3.0 3.1 John T. Koch, 2006. Celtic culture: a historical encyclopedia, Santa Barbara, California; ABC-CLIO lch. 1350.
  4. 4.0 4.1 Miranda Green, 1996. The Celtic World. Abdingdon, Oxfordshire; Routledge, lch. 448.
  5. Ken Dowden, 2000, European Paganism: The Realities of Cult from Antiquity to the Middle Ages. Abdingdon, Oxfordshire; Routledge, lch. 134.
  6. Kisma Reidling, Faery-Faith Traditional Wisdom, Codex 1, 2004.
  7. Loch Ainninn ar logainm.ie
  8. Loch gCál ar logainm.ie
  9. Loch Dairbhreach ar logainm.ie
  10. MacCulloch, John Arnott. The Religion of the Ancient Celts. The Floating Press, 2009, ll. 80, 89, 91
  11. Smyth, Daragh. A Guide to Irish Mythology. Irish Academic Press, 1996, lch. 74
  12. Gan bheith measctha le ríthe na bhFear Boilg darb ainmneacha Gann mac Dela agus Sengann mac Dela
  13. MacCulloch, lch. 80
  14. Sjoestedt, Marie-Louise (1949). Celtic Gods and Heroes. Dover Publications, 2000, lch. 3
  15. John Carey. The Irish National Origin-Legend: Synthetic Pseudohistory. University of Cambridge, 1994, ll. 5-6
  16. 1 úan, ab ar eDIL
  17. Oin Aub ar CELT
  18. G106500D Oin Aub ar CELT (text110 in ionad 109)


Réamhtheachtaí
Parthalán
Lonnaitheoirí miotasacha na hÉireann
ACM 2350 BC
FFE 1731 BC
Comharba
Fir Bholg