Tomhaidhm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is feiniméan luaite i Miotaseolaíocht na nGael é tomhaidhm (Sean-Ghaeilge tomaidm[1]), ina cruthaítear loch go tobann as an talamh, go minic agus uaigh á tochailt. Is léir go bhfuil ar a laghad cuid dá leithéid de scéalta bunaithe ar athruithe tobanna hidreagrafacha ar mhachairí aolchloiche intíre nó turlaigh. Cuireann tomhaidhméanna, mar a thugtar orthu, i leith béile na mara, cuanta agus góilíní, ina measc Cuan na Gaillimhe, Loch Cuan, Cuan Dhún Droma, Loch Lao, Cuan Phort Láirge agus béal na hÉirne. Bhí clú ar leith ag roinnt dóibh siúd le haghaidh coillte báite réamhstairiúla, a spreag miotais thuile éagsúla.

Tomamond[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí seánra ar leith ag filí na meánaoise darb ainm tomamond. Caomhnaítear scéalta níos mó nó níos lú saothraithe ón 11ú agus 12ú haois faoi Chuan na Gaillimhe, Loch nEathach agus Loch Rí, a bhfuil, is amhlaidh, gaolta le scéalta den chineál céanna (bíodh is níos lú ársa) sa Bhreatain Bheag (Cantre'r Gwaelod, Llys Helig, Bala Lake, Llynclys), i gCorn na Breataine (Lyonesse), sa Bhriotáin (Ys) agus sa Normainn (Forêt de Scissy). Sa Bhreatain Bheag, forbraítear miotas na Díle sa scéal Dwyfan y Dwyfach, a thóg daoine agus ainmnithe slán ón Díle déanta ag an arracht Avanc ina chónaí in Llyn Llion (Bala Lake b'fhéidir). Luann seanscéal Freaslannais ón 16ú haois, is amhlaidh bunaithe ar scéalta na nGael, do chruthú an Zuiderzee.

Déanann téacsanna Gaelacha eile trácht air thomhaidhm na Bóinne agus aibhneacha áille. Is caillte iad na dáin faoi thomhaidhm Loch Éirne agus Brí (áit cónaithe Mhidhire).

Sainaithint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní féidir gach loch atá luaite i bhfoinsí na meánaoise a aithint go cruinn.[2] Mar shampla, b'fhéidir gur tagairt eile do Loch Lao é Loch Lainglinne.

Is amhlaidh gur chreid Éireannaigh na meánaoise gur cruthaíodh gach loch na tíre, nach mór, tar éis na Díle. Deir a miotais go mb'fhéidir go ndeachaigh míntíriú talún agus dífhoraoisiú as lámh a chéile le tuile shéasúrach de mhachairí ísle. De réir téacs den Leabhar Gabhála na hÉireann, d'aimsigh Parthalán ach trí loch nó chuan: Loch Fordremain de Shliabh Mis na Mumhan (Bá Thrá Lí); Loch Lumnig (Loch LurganCuan na Gaillimhe, is amhlaidh) ar Tir Find; agus Loch Ceara ar theorainn Iorrais. Is suimiúil go leor é nach luaitear roinnt loch agus inbhear mór, ina measc Loch Coirib, Loch Deirgeirt, Inbhear na Sionainne agus An Caoláire Rua i miotas ar bith a bhfuil eolas ar. D'fhéadfaí a rá de bharr seo gur aithníodh go mícheart ar a laghad roinnt tomhaidhmeanna le locha níos lú.Teimpléad:Citation needed

Tomhaidhmeanna miotasacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pharthaláin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí: ACM 2532, 2533, 2535;

Neimhidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí: ACM, 2859;

Érimón[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairt: Annála na gCeithre Máistrí, 3506

Tigernmasa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairt: Annála na gCeithre Máistrí, 3581

Óengusa Olmucaidi[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairt: Annála na gCeithre Máistrí, 3790

Óengus Mac Óg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairt: Annála na gCeithre Máistrí, AD 682

Fhionn Mhic Chumhaill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. tomaidm ar eDIL
  2. Aithint go léir, nach mór, de réir John O'Donovan (eag.), Annals of the Kingdom of Ireland, by the Four Masters, from the Earliest Period to the Year 1616, 2a. eag., vol. 1, Baile Átha Cliath, 1856.
  3. Aithint de réir Hector Munro Chadwic, Early Scotland: The Picts, the Scots and the Welsh of Southern Scotland, Cambridge 1949, athchló. 2013, lch. 107. Ainmnionn Gerardus Cambrensis í Lake Ruturugus.
  4. Reallexikon der Germanischen Altertumskunde, Volume 28 via books.google.ie
  5. gasán ar eDIL
  6. Harry Roe, Ann Doole (eagí.), Acallam Na Senórach, Oxford 1999, lch. 127-128.

Logainm.ie[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cuan Dhún Droma 120019 ar logainm.ie
  2. Loch Uí Ghadhra 1166418 ar logainm.ie
  3. Loch Measca 1166390 ar logainm.ie
  4. Loch Con 114291 ar logainm.ie
  5. Loch Mucnú 1166394 ar logainm.ie
  6. Loch Cuan 1166347 ar logainm.ie
  7. Loch Ainninn 1166322 ar logainm.ie
  8. Loch gCál 2749 ar logainm.ie
  9. Loch Ramhar 105052 ar logainm.ie
  10. Loch Dairbhreach 1166350 ar logainm.ie
  11. Loch Cime 1371639 ar logainm
  12. Claonloch 1411393, nó Loch na Reanna, ar logainm
  13. Loch Fionnmhaí 1166366 ar logainm
  14. Loch Gréine 104212 ar logainm
  15. Loch Riach 1166404 ar logainm
  16. Cuan Phort Láirge 1165964 ar logainm
  17. Loch Lao 1166381 ar logainm
  18. Loch Uail 108038 ar logainm
  19. Loch Iarainn 108036 ar logainm
  20. Loch Cé 110085 ar logainm
  21. Loch Síleann 105050 ar logainm
  22. Loch Saileán 105051 ar logainm.ie
  23. Loch Aillionn 134173 ar logainm
  24. Loch Feabhail 1166362 ar logainm
  25. Loch Dhá Bhall 8537 ar logainm
  26. An Bheithe? 116067 ar logainm.ie
  27. Loch Saileach 1375181 ar logainm.ie
  28. Machaire Eabha 112071 ar logainm.ie
  29. Loch nEathach 1166400 ar logainm.ie
  30. Cuan na Gaillimhe 1165961 ar logainm.ie