Loch Lao

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Lao
Íomhá
Cineál Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1166381 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinan Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54°41′28″N 5°47′06″W / 54.691°N 5.785°W / 54.691; -5.785
Le cuid
Craobh-abhainn

Loch mór idirthaoideach is ea Loch Lao[1], ag béal Abhainn an Lagáin in oirthear Chúige Uladh. Ag a cheann tá cathair agus calafort Bhéal Feirste, a shuíonn ag béal Abhainn an Lagáin. Osclaíonn an loch isteach sa Mhuir nIocht Thuaidh agus nascann sé Béal Feirste le Muir Éireann.

Is réimse fada, leathan agus domhain uisce é Loch Lao, agus é beagnach saor ó thaoidí láidre. Tá sraith réileán láibe agus murlach sa chuid istigh den loch. Tá an loch seachtrach teoranta do chladaí carraigeacha den chuid is mó le roinnt bánna beaga gainimh. Is é teorainn sheachtrach an locha ná an líne a cheanglaíonn Pointe Orlock agus An Cionn Dubh.

Is iad Beannchar ar an gcladach theas (Contae an Dúin) agus Carraig Fhearghais ar an gcladach thuaidh (Contae Aontroma) na príomhbhailte cósta. I measc na lonnaíochtaí cósta eile tá Ard Mhic Nasca, Cuan Héilin (nó Cuan Bhaile na gCrot) , Inis Glas agus An Cionn Bán.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]