Cúige Uladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ulaidh)
Infotaula de geografia políticaCúige Uladh
Bratach Uladh Coat of arms of Ulster.svg
Bratach Uladh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Ulster locator map.svg
 54°24′N 7°00′W / 54.4°N 7°W / 54.4; -7
Stát ceannasachÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Príomhchathair Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla 21,432 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie 1165972

Is é UlaidhCúige Uladh an cúige atá suite i dtuaisceart na hÉireann, agus tá naoi gcontae ann. Tá sé cinn acu á riar mar chuid den Ríocht Aontaithe, ar a dtugtar Tuaisceart Éireann. An trí chontae eile, is cuid de Phoblacht na hÉireann iad. Tá 2.1 milliún daoine ina gcónaí ann.

Tabhair faoi deara nach n-úsáidtear seantuiseal tabharthach an ainm "Ulaidh", .i. "Ultaibh", sa teanga chaighdeánach a thuilleadh. Is gnách "i gCúige Uladh" a rá, ar ndóigh, ach feictear an leagan "in Ultaibh" freisin.

Contaetha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Contae Dlínse Cód Daonra Príomhbhaile Baile is Mó
Antrim arms.svg Aontroma Tuaisceart Éireann DZ/IA/KZ/RZ 618,108 (2011) Aontroim Béal Feirste
An Baile Meánach
Armagh arms.svg Ard Mhacha Tuaisceart Éireann IB/LZ/XZ 174,792 (2011) Ard Mhacha Iúr Cinn Trá
Cavan crest.svg An Chabháin Poblacht na hÉireann CN 76,092 (2016) An Cabhán
Lderry arms.svg Dhoire Tuaisceart Éireann IW/UI/YZ/NZ 247,132 (2011) Cúil Raithin Doire
Down arms.png An Dúin Tuaisceart Éireann BZ/IJ/JZ/SZ 531,665 (2011) Dún Pádraig Beannchar
Donegalcocologo.png Dhún na nGall Poblacht na hÉireann DL 158,755 (2016) Leifear Leitir Ceanainn
Ferm arms.png Fhear Manach Tuaisceart Éireann IG/IL 61,805 (2011) Inis Ceithleann
Mhuineacháin Poblacht na hÉireann MN 60,483 (2011) Muineachán
Tyrone arms.svg Thír Eoghain Tuaisceart Éireann HZ/JI/VZ 177,986 (2011) An Ómaigh

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an loch is mó in Éirinn Loch nEathach, in oirthear Uladh. Éiríonn an abhainn is mó in Éirinn, an tSionainn, i gContae Chabháin. Tá lárphointe geografach an chúige gar do Chabhán an Chaorthainn, i dTír Eoghain. Is é Béal Feirste an chathair is mó.

Contae Thír Eoghain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gleann Butterlope, sna Speiríní

Is contae sléibhtiúil í Tír Eoghain den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair machairí sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach Loch nEathach, i gceantar na hAbhann Móire i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar an Fheabhal. Tá na Speiríní suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le contae Dhoire. Is iad an tríú sliabhraon is airde i gCúige Uladh, i ndiaidh na Beanna Boirche agus Sléibhte Dhoire Bheatha, agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an Mullach Clochach (634m), suite ansin. Is é Loch nEathach, an loch is mó in Éirinn (388 km²/150 mílte cearnacha) an phríomhghné in oirthear an chontae, agus is é an loch sin teorainn thoir an chontae. Is í an Fheabhail agus a craobh-aibhneacha, an Mughdhorn, Abhainn na Deirge, Abhainn Coille, agus an tSruthail, na phríomhaibhneacha in iarthar an chontae. Is í an Abhainn Mhór an phríomhabhainn sa deisceart, agus is í is teorainn le Muineachán agus Ard Mhacha sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.

Contae Ard Mhacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cáil ar Ard Mhacha mar 'úllord na hÉireann', agus fástar a lán torthaí ann i gcónaí. Ba iad na plandóirí a chuir fúthu sa 17ú haois a chuir na húlloird ar dtús. Imrítear leagan de chluiche babhlaí in Ard Mhacha nach bhfaightear aon áit eile ach i gCorcaigh. Tá traidisiún láidir peile Gaelaí sa cheantar agus bhuaigh foireann Ard Mhacha Craobh na hÉireann i 2002.

Tá Ard Mhacha theas, is é sin an ceantar tuaithe in aice na teorann le Contae Lú sa Phoblacht, sách náisiúnach. Caitliceachas an príomh-reiligiún. Sráidbhaile i ndeisceart Ard Mhacha, is ea Crois Mhic Lionnáin (Crossmaglen), ar an bhóthar idir Dún Dealgan agus An Céide. Dar le daonáireamh na bliana 2001, bhí 1,459 duine ann. Tá clú leitheadach ar chumann peile an cheantair sin, Raonaithe Crois Mhic Lionnáin. In ainneoin bunáit airme a bheith suite beagnach sa mhullach ar a bpáirc pheile, agus na saighdiúirí a bheith ag cur isteach de shíor ar chluichí agus ar imreoirí, rinne peileadóirí na háite an-ghaisce agus bhuaigh siad Craobh Shinsear Chlubanna Peile na hÉireann sna bliana 1997, 1999, 2000 agus 2007.

Contae an Dúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gContae an DúinLoch Cuan. Tá an loch faoi chúig chiliméadar déag, a bheag nó a mhór, de Bhéal Feirste, agus é ag síneadh ó Bhaile Nua na hArda ar feadh 30 ciliméadar go dtí Muir Éireann. Meastar go bhfuil ocht n-oileán is trí scór ar fad sa loch. Droimníní báite atá iontu. Is féidir Túr Scrabo, atá ar chnoc ag barr an locha, a fheiceáil.

Is é Sliabh Dónairt, i gContae an Dúin, 850m (2,790 tr) in airde, an cnoc is airde in Ultaibh

Tá imeall an locha faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta, chomh maith le ceithre oileán déag sa loch. Is féidir le gach duine cuairt a thabhairt ar na hoileáin seo.

Eagraíonn maoir de chuid an Iontaobhais cuid mhór siúlóidí agus turais thart faoi Loch Cuan ón earrach go dtí an fómhar, agus eolas faoi shaol nádúrtha an locha á thabhairt do na cuairteoirí le linn na dturas.

Contae Aontroma[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Contae Aontroma

Meallann Glinntí Aontroma na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é Clochán an Aifir (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear Port Rois mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart na hÉireann ó thaobh líon na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de Bhéal Feirste, an chathair is mó i dTuaisceart na hÉireann, sa chontae, agus an chuid eile di i gContae an Dúin. De réir an tseanchais is ar Shliabh Mis i dtuaisceart an chontae a chaith Pádraig Naofa bunús a shaoil óig.

Contae Dhún na nGall[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Contae Dhún na nGall ar an chontae is sléibhtiúla in Ultaibh, agus é foirmithe den chuid is mó de thrí shliabhraon beag: sléibhte Inis Eoghain san oirthuaisceart, sléibhte Dhoire Bheatha san iarthuaisceart, agus na Cruacha Gorma san iardheisceart. Is í an Earagail, i sléibhte Dhoire Bheatha, an bheann is airde an chontae, agus 749m aici. Tá cósta an-bhearnach ag an chontae chomh maith, ina bhfuil go leor lochanna mara, arb iad Loch Feabhail agus Loch Súilí na cinn is tábhachtaí díobh. Tá aillte Shliabh Liag ar na séú cinn is airde san Eoraip, agus is é Cionn Mhálanna an pointe is faide ó thuaidh ar mhórthír Éireann.

Tá dhá oileán a bhfuil buandaonra acu: Oileán Árann Mór agus Oileán Thóraigh, chomh maith le líon mór oileáin nach bhfuil ach lucht cónaithe neamhbhuan acu. Ritheann an dara n-abhainn is faide na hÉireann, an Éirne, isteach i mBá Dhún na nGall i ngar le Béal Átha Seanaidh, agus dambaí uirthi a ghineann leictreachas. Ritheann abhainn na Feabhaile freisin le taobh na coda thuaidh de theorainn talún an chontae, dá scaradh de Chontae Dhoire agus Contae Thír Eoghain.

Contae Fhear Manach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Contae Fhear Manach

Contae an Chabháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Contae an Chabháin

Contae Mhuineacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Contae Mhuineacháin

Contae Dhoire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Contae Dhoire

Gaeilge i gCúige Uladh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Labhraítear Gaeilge mar ghnáthurlabhra phobail inniu i nGaeltacht Thír Chonaill, i gContae Dún na nGall. Tá canúint ar leith á labhairt sa chúige, agus is minic a fhaigheann Gaeilgeoirí ó chodanna eile den tír Gaeilge Uladh sách deacair le tuiscint. Bíonn scríbhneoirí an chúige ag tarraingt ar thobar na canúna seo go minic, agus a cuma le haithint fiú ar a saothar siúd nach bhfuil an teanga ó dhúchas acu. Tá meon an neamhspleáchais ag baint le Gaeilgeoirí an tuaiscirt ar dhóigheanna eile, fosta. B'é an tAthair Lorcán Ó Muirí a chuir an chéad síol leis an meon sin, nuair a bhunaigh sé Comhaltas Uladh, an eagraíocht a dhéanann gnó Chonradh na Gaeilge sa Tuaisceart.

gluaiseacht na Gaeilge láidir i dTuaisceart Éireann, agus is í cathair Bhéal Feirste an t-aon áit amháin lasmuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta inar éirigh leis na Gaeilgeoirí leanúnachas na teanga a chinntiú ó ghlúin go glúin agus Gaeltacht nua a bhunú.

Níl a dhath fágtha de chanúintí traidisiúnta Oirthear Uladh, áfach, cé is moite d'fhoinsí scríofa, ar nós scríbhinní agus amhráin na bhfilí ón gcuid sin den chúige. Chuala an saol Gaeilge ar fad an t-amhrán Úirchill an Chreagáin, mar shampla. B'iad Ó Méith, Oileán Reachlainne agus Gleannta Aontroma na háiteanna deireanacha ansin ina labhraítí an Ghaeilge go nádúrtha. Bhí na canúintí seo cuíosach cosúil le Gaeilge na hAlban, go háirithe canúint Oileán Reachlainne.

Tá Cúige Uladh saibhir i mbéaloideas Gaeilge, agus scéalta á n-insint sa chúige nach gcloisfí ar aon nós in aon chuid eile d'Éirinn, leithéidí na gceann faoi Bhalor nó faoi na Fomhóraigh. Díol suntais é, freisin, nach bhfuil Naomh Pádraig leath chomh tábhachtach i dtraidisiún an chúige agus atá Colm Cille, éarlamh Uladh. Tá lorg an bhéaloidis seo le haithint go soiléir ar shaothar scríbhneoirí Gaeilge an chúige, ar nós Shéamuis Uí Ghrianna agus a dheartháir, Seosamh Mac Grianna.

Scríbhneoirí tábhachtacha Ultacha eile iad Seán Bán Mac Meanman agus Aindrias Ó Baoill, nó "Fiach Fánach". B'iadsan, thar aon duine eile, a chuir Gaeilge Lár Thír Chonaill i míotar le haghaidh na nglúnta a thiocfadh ina ndiaidh. Inniu féin, tá cainteoirí dúchais ó Chúige Uladh ag saothrú na teanga ina gcuid scríbhinní liteartha, mar shampla Cathal Ó Searcaigh agus Pádraig Ó Baoighill.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Stair na hÉireann

Maireann réamhstair chúige na nUladh i seanscéalta na Rúraíochta. A bhuí leis an tseandálaíocht, tá againn samplaí de "chrónna deasghnátha", amhail is Ráth an Fhathaigh gar de Bhéal Feirste (bruach ithreach tuairim is 180 m ar trastomhas agus 4.5 m ar airde) agus dolmain sa lár.[1]

Ba iad an Bhóinn agus a craobh-abhainn an Abhainn Dubh teorainneacha traidisiúnta an chúige mar a insítear mar shampla sa Táin Bó Cúailnge. Dar leis an staraí Francis John Byrne, is amhlaidh go raibh na hUlaidh fós i gceannas i gContae Lú chomh fada leis an Bhóinn sa luath-seachtú haois[2] nuair a rinne Congal Cáech iarracht ar ríogacht na Teamhrach in aghaidh a athar altrama, Domhnall II. Sa bhliain 637, tharla Cath Mhagh Rátha eatarthu, agus Congal tacaithe ag Domhnall Breac Dhál Riada. Meastar gurbh é seo an cath is mó a troideadh in Éirinn riamh. Maraíodh Congal agus cuireadh an ruaig ar Dhomhnall Breac.

Sa luath-mheánaois, tháinig Cineál Eoghain d'Uí Néill an Tuaiscirt as an Aileach, agus de réir a chéile chrom siad na hUlaidh agus a gcuid críoch go dtí go raibh siad teoranta taobh thoir den Bhanna. Bhunaigh an Cineál Eoghain a ríocht i dTír Eóghain (Contae Thír Eoghain an lae inniu). I measc ard-ríthe a sleachta, bhí Aodh Fionnliath (bás 879), Niall Glúndubh (bás 919) agus Domhnall ua Néill (bás 980).

De shliocht na clainne seo a bhí Domnall Ua Lochlainn (bás 1121) agus Muirchertach Mac Lochlainn (bás 1166). Cuireadh Mhic Lochlainn as cumhacht sa bhliain 1241 ag a ngaoil, clann Uí Néill (féach 'Ó Néill'). As sin amach, bhí clú acu siúd mar an chlann Ghaelach is cumhachtaí in Ultaibh. Ba iad clann Uí Dhomhnaill as Tír Chonaill (Contae Dhún na nGall) an dara ceann is cumhachtaí ón tríú haois déag go dtí tús na 17ú haoise.

Tar éis ionradh na Normannach go déanach sa dara haois déag (1169 srl.), thit an chúige mar a bhí san oirthir faoi bharúin Normannacha, i dtús De Courcy (bás 1219), agus ina dhiaidh, Hugh de Lacy (1176–1243), a bhunaigh Iarlacht Uladh i gcontaetha Aontroma agus an Dúin.

D'éirigh an cheantar arís ina cúige Gaelach i lár na 14ú haoise, tar éis mheath Iarlacht Uladh. Tháinig clann Uí Néill chun cinn agus mhaíodar an teideal "rí Uladh", i dteannta leis an Láimh Dhearg. Aontaíodh arís na tuatha Ailigh, Oiriall agus Uladh in aon chúige amháin.

Dealbh cré-umha i gcuimhne Imeacht na nIarlaí ag Ráth Maoláin i dtuaisceart Dún na nGall.

Sa séú haois déag, ba é cúige Uladh an áit dheireanach a raibh modh maireachtála na nGael fós i réim. Tar éis chliseadh na nGael i gCath Chionn tSáile (1601) le linn Chogadh na Naoi mBliana (1594–1603), chuir airm Eilíse I na hUlaidh faoina smacht. Sa bhliain 1607, agus a gcuid cumhachta srianta faoi ardtiarnas na nGall, theith ceannairí Gaelacha na nUladh, idir Néilligh agus Dálaigh, go dtí mór-roinn Chaitliceach Rómhánach na hEorpach (Imeacht na nIarlaí). Mar thoradh, bhí sé i bhfad níos éasca an ceantar a lonnú le plandálaithe Sasanacha agus Albanacha, rud a thosaigh i ndáiríre sa bhliain 1610.

Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1641: Ár na bProtastúnach i gCúige Uladh. Thosaigh ceannairc na bliana 1641 agus na sléachtanna seicteach.
  • 1969-1998: Na Trioblóidí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Riordain, S. O. (1966). "Antiquities of the Irish Countryside". Londain: Methuen & Co. Ltd. 
  2. Byrne, Francis John, Irish kings and high-kings, Batsford, 1987, lch. 113, ISBN 0-7134-5882-8