Seán Bán Mac Meanman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Bán Mac Meanman
Beathaisnéis
Breith12 Nollaig 1886
Bás7 Samhain 1962
75 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Máistir scoile agus scríbhneoir Gaeilge a bhí i Seán Bán Mac Meanman, agus é ag scríobh lón léitheoireachta do na gasúirí scoile thar aon dream eile. Rugadh ar an gCionn Garbh i bparóiste Inis Caoil, Tír Chonaill, ar an 12 Nollaig 1886, agus d'éag sé ar an 7 Samhain 1962. Feirmeoir bocht agus seanchaí ab ea a athair, Peadar Mac Meanman. Maidir lena mháthair, Máire, is é an sloinne a bhí uirthi ná Nic Ailín, ach is é an leagan oifigiúil a bhí i rollaí na n-údarás ná Campbell. Bhí lúb bheag ghaoil ag a mháthair le Patrick McGill, scríbhneoir Béarla.

D'fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta an Chinn Ghairbh nuair a bhí sé ina bhuachaill, ach maidir leis an nGaeilge, sa bhaile a d'fhoghlaim sé í a léamh is a scríobh. Ina dhiaidh sin chuaigh sé ag staidéar i gColáiste Uladh, agus bhí cead iontrála aige in Ollscoil Londan freisin chomh maith is a d'éirigh leis sna scrúduithe iontrála.

Chleachtaíodh sé ealaín an tseanchaí thraidisiúnta ina chuid scéalta, a raibh fíor-bhlas Ghaeilge Lár Thír Chonaill orthu. Is léiriú maith iad a chuid scríbhinní ar mheon agus ar nósanna na Gaeltachta sa naoú haois déag, agus canúint shaibhir iontu. Bíodh is go bhfuil meon an chráifeachais i gcuid de na scéalta cineál coimhthíoch ag duine an lae inniu, is dócha go gcuirfeadh ábhar scríbhneora Gaeilge an-suim iontu le blas na canúna a tharraingt air féin, go háirithe i bhfianaise an mheatha atá tagtha ar Ghaeilge Lár Thír Chonaill mar ghnáthurlabhra phobail.

Thiar sna nóchaidí, cuireadh scéalta foilsithe Sheáin Bháin i gcló ina dtrí dhíolaim, mar atá, An Chéad Mhám, An Dara Mám, agus An Tríú Mám. Thairis sin, tá bailiúchán ábhair eile foilsithe faoin teideal Cnuasach Céad Conlach. Dealraíonn sé, áfach, go bhfuil tuilleadh le teacht, nó scríobh Seán Bán leabhar faoi stair na hÉireann nár foilsíodh riamh, agus an lámhscríbhinn ag fanacht le duine a chuirfeadh in eagar í.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Colm Cille (Tá an sliocht seo scríofa sa litriú réamhchaighdeánach)
  • MAC MEANMAN, Seán Bán: An Chéad Mhám. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1990 (gearrscéalta) Lár Thír Chonaill
  • MAC MEANMAN, Seán Bán: An Dara Mám. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1991 (gearrscéalta) Lár Thír Chonaill
  • MAC MEANMAN, Seán Bán: An Tríú Mám. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1992 (aistí) Lár Thír Chonaill
  • MAC MEANMAN, Seán Bán: Cnuasach Céad Conlach. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1989 (béaloideas) Lár Thír Chonaill

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]