An Baile Meánach
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
| Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
| Contae i dTuaisceart na hÉireann | Contae Aontroma | |||
| Príomhchathair de | ||||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 31,205 (2021) | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Braid River (en) | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Glaochód | 028 | |||
| Eile | ||||
| Logainm.ie | 135723 | |||
| Suíomh gréasáin | ballymena.gov.uk | |||
Is baile mór i lár Oirthear Chontae Aontroma i gCúige Uladh é an Baile Meánach.[1] Níl an baile ach timpeall 10 míle ó Ghlinntí Aontroma, agus tá sé suite ar an phríomh-Iarnróid idir Béal Feirste, Aontroim, Cúil Raithin, agus Doire. Tá daonra an bhaile Protastúnach agus Aontachtaí go formhór (beagnach 80%).



Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rinneadh an chéad stair a scríobh faoi cheantair an Baile Meánach sa 5ú agus an 7ú haois, i rith na tréimhse Chríostaí luath.
Bunaíodh eaglais ag deireadh an 5ú haois i gCoinire, baile beag 5 míle theas ón Bhaile Meánach. Tar éis seo, bunaíodh mainistir ag Timpeall Maoile, sna Cealla, in aice le Coinire. Sa bhliain 831, tháinig na hUigingaigh, Lochlannaigh chuig an cheantar, agus dhóigh siad an eaglais i gCoinire. I rith an 12ú haois, tháinig na Sasanaigh go Contae Aontroma agus an Dún, agus chruthaigh siad croí Iarla-Ríocht na hAngla-Normanach in Ulaidh.
Díothacht agus ciníochas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh An Baile Meánach i léig sa 20ú haois. Mar shampla dúnadh na monarchana Michelin agus JTI Gallaher. agus poll dubh díobhála atá ann in áiteanna.
Deir cuid daoine go bhfuil an baile i lár ‘Crios Bíobla’ Chúige Uladh. Ach, ag an am céanna, tá fadhb mhór hearóin ann chomh maith.
Sa bhliain 2018, chuir "Britain First" tús le feachtas frithrialtais sa Bhaile Meánach.[3] Tharla círéib ann i mí Lúnasa 2024 chomh maith, agus arís i mí an Mheithimh 2025. Bhí baint mhór ag paraimíleataigh dhílseacha leis an bhforéigean agus bhí bratacha dílseacha crochta i bhfuinneoga a dtithe ag daoine le súil is nach n-ionsófaí iad.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Liam Neeson - Aisteoir
- James Nesbitt - Aisteoir
- Ruairí Mac Easmainn - Taidhleoir agus náisiúnaí Éireannach
- Ian Paisley - polaiteoir
- Joanne Hogg - amhránaí
Comhchathracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “An Baile Meánach/Ballymena | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Jude Collins (2025-06-11). "Protecting People or Sheer Racism? by Michael Lagan" (en-US). Jude Collins. Dáta rochtana: 2025-06-16.
- ↑ "The riots in Ballymena" (en). Britain First - OFFICIAL WEBSITE. Dáta rochtana: 2025-06-16.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-06-11). "Círéibeacha sa Bhaile Meánach den dara hoíche as a chéile" (as ga-IE).
