Plé:Cúige Uladh

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá earráidí litrithe sa liosta sin, a Mheabhair. Cén fáth nár ghlac tú na hathruithe? Evertype 16:23, 9 Lún 2004 (UTC)

Ni thuigim ceard e ata a ra agat. Meabhar 20:19, 9 Lún 2004 (UTC)
Tá dearmad ort, a Evertype! Contae Aontroma. Aontrom mar fhocal ann féin, ach sa ghineadach, Aontroma.
Agus bhain tú an síne fada de 'Árd Mhacha'. Táim cinnte de nach bhfuil sé seo ceart. Níl a fhios agam cén 'earráidí' eile a fheiceann tusa.
Agus rud eile, níl a fhios agam cén fáth gur aistríodh ord na gcontaethe. Níl 'T.É' intuigthe ann féin gan mhíniú. Ceapaim go raibh an réiteach a bhí agam i bhfad níos fearr. Agus muna nglacann tú leis seo, caithfidh tú féin an téacs a athrú, chun go ndéanfaidh sé ciall.
Agus rud gaolta - Ceapaim go bhfuil tú beagán 'obsessed' le bheith ag déanamh deighilt idir 'T. É' agus an Phoblacht. Is gá leathanach 'disambiguation' a shá isteach, ach ní gá a bheith ag déanamh leithscéil ar son Ghaelachais i gcónaí, go háirithe in áit mar alt 'Éire.' Meabhar 23:11, 11 Lún 2004 (UTC)

Cheartaíos roinnt dearmad sa téacs. Bhíothas ag maíomh sa téacs gurb ionann Tír Chonaill agus Gaeltacht Chontae na nGall. Ní hionann, mhuis! Tá cuid mhaith de Thír Chonaill atá lasmuigh den Ghaeltacht. Ní hionann 'Reachlainn' (gin. 'Reachlainne') amach ó chósta Cho. Aontroma agus 'Reachrainn' amach ó Bhaile Átha Cliath. 62.77.181.11 16:48, 28 Lúnasa 2006 (UTC)[reply]

Maidir leis an leagan Gaeilge d'"Antrim": is é AONTROIM an fhoirm ainmníoch, agus ní "Aontrom". "Aontroma" an ginideach, ar ndóigh: Contae Aontroma, Gleannta Aontroma. Panu Petteri Höglund 17:56, 29 Lúnasa 2006 (UTC)[reply]