Túr Scrabo
Cuma
| Túr Scrabo | ||||
|---|---|---|---|---|
| Sonraí | ||||
| Cineál | Túr agus leacht cuimhneacháin | |||
| Foirgníocht | 1840 ↔ 1859 | |||
| Suíomh geografach | ||||
| Limistéar riaracháin | Contae an Dúin, Northern Ireland agus Screabach, Ríocht Aontaithe | |||
| Suíomh | Scrabo Tower (Londonderry Monument), Scrabo Hill, Scrabo, Newtownards, Co Down, BT23 | |||
| ||||
| Foirgneamh liostaithe Ghrád B+ | ||||
Suite lastoir de Bhaile Nua na hArda i gContae an Dúin i Tuaisceart Éireann atá Túr Scrabo. Is féidir an túr a fheiceáil ó chuid den Dún Thoir agus ó thuaisceart Bhéal Feirste chomh maith. Tógadh an túr mar chuimhneachán sa bhliain 1897 ar Charles Stewart. Bhí an teideal Marquis of Londonderry ar Stewart. Ba ghinearál é faoi Wellington i rith an chogaidh in aghaidh Napoleon.
Chuirfeadh áthas mór ar dhuine an radharc ón áit ar na cuanta, góilíní, is fo-bhailte timpeall Loch Cuan go dtí Muir Éireann agus, ar lá glan, ar chósta na hAlban.
Tógadh ar shuíomh dhúin ón Chré-Umhaois é.[1] Is 41 méadar ar airde an túr féin. Bíonn cuairteoirí in ann 122 céim a dhreapadh chun mullach an túir, an áit a mbeadh radharc acu ar an tír ina thimpeall.
