Inis Ceithleann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilInis Ceithleann

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°20′41″N 7°38′20″W / 54.3447°N 7.6389°W / 54.3447; -7.6389
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Administrative territorial entity of Northern Ireland (en) AistrighFear Manach agus an Ómaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán13,823 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,062.41 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla13.011 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinenniskillen.com Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Inis Ceithleann (Enniskillen) an príomhbhaile atá i gContae Fhear Manach.[1][2] Is baile agus paróiste sibhialta í Inis Ceithleann i dTuaisceart Éireann. Tá sé suite go díreach i lár an chontae, idir na codanna uachtaracha agus íochtaracha de Loch Éirne.

Tá daonra Script error: The function "main" does not exist. ann.

Stair agus áiteanna stairiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 8 Samhain 1987, ag 10:43 AM, phléasc buama IRA.[3] Tugtar 'Ár Lá Cuimhneacháin' nó 'Buamáil Lá Cuimhneacháin' air. Maraíodh aon duine dhéag agus gortaíodh trí scór. Bhí searmanas comórtha ar siúl. Dúirt an IRA níos déanaí gur 'botún' a bhí ann. Phléasc an buama in aice le cuimhneachán cogaidh an bhaile le linn searmanas Dé Domhnaigh.

Caisleán Inis Ceithleann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Caisleán Inis Ceithleann, atá suite in aice le hAbhainn an Éirne i gContae Fhear Manach, sa 16ú haois.[4]

Caisleán Inis Ceithleann

Is é an Caisleán an foirgneamh is sine sa bhaile.[5]

Uaimheanna Marble Arch[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uaimheanna Marble Arch ar cheann de na pluaiseanna is fearr san Eoraip.[6]

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Peil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dá fhoireann ann ː ná 'Enniskillen Rangers' agus 'Enniskillen Town United F.C'.[7]

An pheil ghaelach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an club Cumann Lúthchleas Gael I 1927. Imríonn siad i bPáirc Brewster, Inis Ceithleann.

Rugbaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an club rugbaí[8] an 28 Lúnasa 1925, nuair a d'fhreastail 37 ar chruinniú sa Halla Bhaile. Ghlac an club nua le rialacha Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Imríodh an chéad chluiche ar 30 Meán Fómhair 1925 i gcoinne Bhéal Átha Seanaidh i gContae Dhún na nGall.

Faoi láthair, cuireann an club 4 fhoireann fear chun páirce, foireann ban sinsearach, agus raon d'fhoirne óige. Bhuaigh Enniskillen XV Corn na gCailte Uladh sa bhliain 2018/19. Tá an fhoireann ag imirt faoi láthair i Roinn 1, Craobh Rugbaí Uladh Kukri.

Inis Ceithleann

Daoine cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Samuel Beckett, drámadóir, a fuair oideachas i Scoil Ríoga Portora.
  • Denis Burkitt, FRS, máinlia agus eipidéimeolaí.
  • Declan Burns, lúthchleasaí cadhcála Éireannach, ionadaí trí uaire Oilimpeacha na hÉireann agus iar-Superstars Domhanda
  • Roy Carroll, cúl báire a imríonn ar Lin. F.C. agus ar chuir Tuaisceart Éireann teorainn leis.
  • Adrian Dunbar, aisteoir, a rugadh agus a tógadh i Inis Ceithleann.
  • Claire Falconer, aisteoir agus péintéir.
  • Gordon Wilson, feachtasóir síochána agus seanadóir na hÉireann.
  • Joan Trimble, pianódóir agus cumadóir
  • William Scott, ealaíontóir
  • Frank Ormsby, file
  • Seán Quinn, fiontraí agus fear is saibhre in Éirinn roimhe seo (ó Dhoirelin ó dhúchas)
  • Ciarán McMenamin, aisteoir teilifíse
  • Lisa McHugh, amhránaí; rugadh sí i nGlaschú, Albain, bhog sí go hInis Ceithleann mar dhuine fásta.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor scoileanna agus coláistí in Inis Ceithleann agus sa cheantar máguaird, ón mbunleibhéal go dtí an dara leibhéal, lena n-áirítear roinnt coláistí breisoideachais ar nós an choláiste theicniúil.

Tá a lán bunscoileanna, mar shampla, Bunscoil Chomhtháite an Éirne, Múnla bunscoil, Bunscoil na Tríonóide Naofa, Bunscoil Chuimhneacháin Jones agus Bunscoil Mhuileann na Sléibhe.

Tá a lán meánscoileanna; Coláiste Comhtháite an Éirne, Coláiste Devenish, Scoil Gramadaí Ríoga Inis Ceithleann, Mount Lourdes Inis Ceithleann; scoil ghramadaí do na cailíní, Coláiste Mhichíl; scoil ghramadaí do na mbuachaillí, Coláiste Naomh Fanchea agus Coláiste Naomh Seosamh.

Tá dhá choláiste in Inis Ceithleann. Tá Campas Inis Ceithleann an Choláiste Talmhaíochta, Bia agus Fhiontair Thuaithe (CAFRE), Campas Inis Ceithleann Coláiste an Iardheiscirt.[9]

Taisteal[cuir in eagar | athraigh foinse]

An t-Iarnród[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh iarnród idir Inis Ceithleann agus Doire, 1854, Dún Dealgan, 1861, Bun Dobhráin, 1868 agus Sligeach, 1882.

Bus

Reáchtálann Ulsterbus busanna Goldline Uimhir 261, 261b agus X261 ó Bhéal Feirste go hInis Ceithleann, agus Bus Éireann Bealach 30 ó Dhún na nGall go hAerfort Bhaile Átha Cliath / Cathair Bhaile Átha Cliath trí Inis Ceithleann.

Bóithre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an baile ar phríomhbhealach A4 / N16, a nascann Béal Feirste agus Sligeach, agus ar an bpríomhbhealach idir Baile Átha Cliath agus Béal Átha Seanaidh, an N3 / A46 / A509.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Enniskillen, County Town for Fermanagh : Enniskillen.com for information on Towns & Villages in Fermanagh" (en-US). Dáta rochtana: 2019-12-05.
  2. "Enniskillen" (as en) (2019-11-28). Wikipedia. 
  3. "Remembrance Day bombing" (as en) (2019-11-08). Wikipedia. 
  4. "Enniskillen Castle" (as en) (2022-10-19). Wikipedia. 
  5. enniskillencastle.co.uk. "Enniskillen Castle Museums". www.enniskillencastle.co.uk. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  6. "Marble Arch Caves" (en-US). Enniskillen.com. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  7. "Enniskillen Rangers FC - Soccer - Team Profile - Results, fixtures, squad, statistics - Global Sports Archive". globalsportsarchive.com. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  8. "Enniskillen R.F.C.". www.enniskillenrfc.com. Dáta rochtana: 2022-11-08.
  9. "Category:Secondary schools in County Fermanagh" (as en) (2018-05-08). Wikipedia.