Ár Lá Cuimhneacháin (1987)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cuimhneachán, Inis Ceithleann

Ar an 8 Samhain 1987, maraíodh aon duine dhéag agus gortaíodh trí scór i mbuama Inis Ceithleann (Contae Fhear Manach), nó Ár Lá Cuimhneacháin, 1987.[1][2] Bhásaigh duine eile a gortaíodh san ionsaí buamála sa bhliain 2000 tar éis dó trí bliana déag a chaitheamh i gcóma.

Gordon Wilson[3] agus a bhean chéile

Ar an gcéad Domhnach i mí na Samhna 1987, bhailigh daoine le chéile in Inis Ceithleann chun cuimhneamh orthu siúd a maraíodh i gcogaí san am a chuaigh thart.[4][5] Agus daoine ag bailiú le chéile ag leacht cuimhneacháin na gcogaí, phléasc buama agus caitheadh bruscarnach ar fud na háite. Bhí Gordon Wilson agus a iníon, Marie, ábhar altra a bhí 20 bliana d’aois, clúdaithe cúpla troigh thíos faoin mbrablach. Feachtasóir ar son na síochána a bhí in Gordon Wilson níos déanaí.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor cúisíodh ná níor ciontaíodh aon duine riamh faoin ionsaí buamála. “Botún” a bhí i gceist, is cosúil dúirt an IRA gur phléasc an buama roimh am.[6]

Dúirt Máirtín Ó Muilleoir, Sinn Féin, níos déanaí, “Inis Ceithleann an chéad cheann de na mór-uafáis a tharla a thug le fios domsa go raibh an streachailt armtha mícheart agus nach raibh sé ag dul a oibriú. Bhí ceist mhór mhorálta ann fosta mar go raibh daoine neamhurchóideacha ag fáil bháis.”

Nochtadh leacht in Inis Ceithleann ar an 8 Samhain 2017 i gcuimhne na ndaoine a maraíodh san ionsaí buamála ar an mbaile.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Beo! - Máirtín Ó Muilleoir". web.archive.org (2018-08-27). Dáta rochtana: 2020-11-07.
  2. Aodhagán Ó Raghallaigh. (1 Samhain 2007). "An tUltach 83 (11), lch20-21". Dáta rochtana: 2020.
  3. 3.0 3.1 "Gordon Wilson (peace campaigner)" (in en) (2020-09-02). Wikipedia. 
  4. Clare Richards at Eden. "Revolutionary Christians Who Live the Gospel". www.eden.co.uk. Dáta rochtana: 2020-11-07.
  5. examinations.ie (SCRÚDÚ AN TEASTAIS SHÓISEARAIGH, 2012). "OIDEACHAS REILIGIÚNACH ― ARDLEIBHÉAL". Dáta rochtana: 2020.
  6. Denzil McDaniel (1997). "Enniskillen: The Remembrance Sunday Bombing" (in en). Wolfhound Press. 
  7. Nuacht RtÉ (2017-11-08). "Leacht cuimhneachnáin nua nochta in Inis Ceithleann inniu" (in ga).