Jump to content

Ys

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilYs

Suíomh
Tíreolaíocht
Cuid demiotaseolaíocht na mBriotánach Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
 Ceannaire stáitGradlon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cuan Douarnenez ar bhun-taoide. Má fhéachann tú go géar air, b'fhéidir go bhfeicfidh tú cathair ársa Ys!

Ker-Ys, nó Ys, baile a bhí, de réir finscéalta na Briotáine, lonnaithe i gCuan Douarnenez, Penn-ar-Bed. Ba é an Rí Gradlon a thóg é dá iníon Dahut.

Bhí Ys faoi leibhéal na farraige, agus í cosanta ag bábhún ón bhfarraige. Ba ag an rí a bhí aon eochair gheata an bhábhúin, ach tháinig Sátan go Ys lá agus mheall sé iníon an rí, Dahut, chun an eochair a ghoid óna hathair. D'oscail sé geata na farraige ansin agus bádh an chathair.

Níor tháinig slán ach an rí Gradlon, agus thréig sé a iníon ar chomhairle an naomh Guénolé. Bhunaigh Gradlon Kemper ansin agus nuair a fuair sé bás, cuireadh dealbh de ar muin capaill ar Ardeaglais Naomh Corentin, mar a sheasann sé go fóill.

De réir na bhfinscéalta ba í Ys an chathair ba áille ar domhan, agus deirtear gur tugadh 'Paris' ar an gcathair sin mar go raibh sí cosúil le Ys ('Par-Ys').

Mar gheall ar go bhfuil láthair na cathrach chomh soiléir sin, agus go bhfuil bóithre Rómhánacha ag dul isteach sa bhfarraige sa cheantar, glactar leis go raibh cathair ann tráth i mBá Douarnenez, agus gur dócha gur bádh í sa 5ú haois.

Nuair a foilsíodh bailiúchán amhrán de chuid na Briotáine, an Barzaz Breizh, in 1839, mhéadaigh cáil Ys, agus rinne Luminais pictiúr taibhseach ildaite de Gradlon i 1884.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]