Dealgnaid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, ba í Dealgnaid (Sean-Ghaeilge Delgnat) bean chéile Parthalán, ceannaire an dara dream de lonnaitheoirí a tháinig go hÉirinn.

Leabhar Gabhála na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Parthalán

Tá dán ann i Leabhar Gabhála na hÉireann, forbartha ag Seathrún Céitinn, a insíonn go raibh Parthalán agus a bhean chéile, Dealgnaid, ina gcónaí ar oileán beag i mbéal na hÉirne. Agus amach ar turas tráth, mheall Dealgnaid giolla dárbh ainm Topa. As a aithle ain, d'ól siad roinnt de leann Pharthaláin, nárbh fhéidir a fháil ach trí fheadán óir. Thuig Parthalán an caidreamh nuair a d'ól sé féin cuid dá leann agus d'aithin sé blas béil Dhealgnaí agus Topa ar an bhfeadán. Mar chúiteamh, mharaigh sé Topa agus cú Dhealgnaí. Ach dúirt Dealgnaid neamhaithríoch gurbh ar Pharthalán an locht, toisc gurbh ionann iad a fhágaint ina n-aonair agus mil a fhágaint le bean, bainne le cat, uirlisí géaraithe le ceardaí, nó feoil le leanbh, agus bheith ag súil nach mbainfidís leas as. Is é sa scéal seo an chéad chur síos idir adhaltranas agus éad in Éirinn. Inis Samhaoir[1] is ainm don oileán, as Saimer, cú Dhealgnaí.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Inis Samhaoir ar logainm.ie