Mac Ceacht
Cuma
| Cineál | duine |
|---|---|
| Dáta | |
| Inscne | fireann |
| Muintir | |
| Céile | Fódhla |
- Más laoch(ra) na Rúraíochta atá i gceist, féach Mac Céacht
I miotaseolaíocht na nGael, ba shliocht na dTuath Dé Danann é Mac Ceacht, mac Cermait mac an Daghdha. Ba é Téthur a chéadainm, ach bhí sé aitheanta as a dhia, Cecht (céachta). Ba í Fódhla a bhean chéile, í ar cheann de na trí bhandia eapainmneacha na hÉireann.
Ba iad é féin agus a dheartháireacha Mac Coill agus Mac Gréine a mharaigh Lugh mar chúiteamh ar a n-athair. D'éirigh an triúr acu ina chomh-Ard-Ríthe na hÉireann, ag déanamh sealaíochta ar a chéile gach bliain, ar feadh fiche naoi nó tríocha bliain ag brath ar fhoinse. Na ríthe deireanacha de shliocht na dTuath Dé Danann roimh theacht Chlann Mhíle ba ea iad.
| Réamhtheachtaí Fiacha |
Ard-Rí na hÉireann (le Mac Coill agus Mac Gréine) ACM 1730–1700 RC FFE 1317–1287 RC |
Comharba Éber Finn agus Érimón |