Aibell
Cineál | carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
I miotaseolaíocht na nGael, bandia coimhdeachta Dhál Chais ba ea Aoibheall (Meán-Ghaeilge Aibell). Bean sí as tuaisceart na Mumhan ba ea i, agus cistí uirthi ar Charraig Liath, cnoc suite os cionn na Sionainne tuairim is dhá mhíle taobh ó thuaidh de Chill Dalua.[1][2] Bhí leannán ag Aoibheall darbh ainm Dubhlainn Ua hArtagáin. Bhí cláirseach dhraíochta aici, agus deirtí go bhfaighfí bás dá gcloisfí a chuid ceoil.[2][3]
Sanas
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhéadfadh é go bhfuil an t-ainm fréamhaithe ón bhfocal aoibh(inn).[2][4] De rogha ar sin, b'fhéidir go bhfuil sé fréamhaithe ón Prótai-Cheiltis *Oibel-ā, "tine ar lasadh", le ciall "díograis".[5][3] Is dócha gurb ionann é *Oebla as Breatnais .
Le feiceáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]An Buachaill Caol Dubh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa dán An Buachaill Caol Dubh le Seán Ó Seanacháin song, taispeáineann Aoibheal í féin dó agus a dá chara, pótaire. Sa rann deireanach, geallann Aoibheall céad fear don chara dá bhfágfadh sé an file. Freagraíonn seisean nach dtréigfidh sé choíche a chairde. Admhaíonn Ó Seanacháin dá bharr nach mbainfidh sé choíche an lámh in uachtar ar a andúil.
Lady Gregory
[cuir in eagar | athraigh foinse]Insíonn Lady Gregory scéal faoi Aoibheall in am Chath Chluain Tarbh. Tá sí ag iarraidh cosc a chur ar a leannán, Dubhlaing ua hArtagáin, dul ag troid ann i dteannta le Murchadh mac Briain Bóramha. In ainneoin sin, téann sé agus maraítear é. [6]
Cúirt an Mheán Oíche
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feictear Aoibheall go suntasach sa dán grinn den 18ú haois, Cúirt An Mheán Oíche le Brian Mac Giolla Meidhre. Is ise an breitheamh i gcás an fhile. Tugann Aoibheall an breithiúnas gur gá gach fear tuata pósadh roimh 21 bliain d'aois.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Donal O'Sullivan, "Songs of the Irish," lch. 127.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Ellis, Peter Berresford (1987), A Dictionary of Irish Mythology, Oxford: Oxford University Press, p. 24, ISBN 978-0-19-282871-2
- ↑ 3.0 3.1 Matson, Gienna: Celtic Mythology A to Z, lch. 1. Chelsea House, 2004. ISBN 978-1-60413-413-1
- ↑ James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 3
- ↑ PCl-MoE Curtha i gcartlann 2006-01-14 ar an Wayback Machine, MoE-PCl Curtha i gcartlann 2011-05-14 ar an Wayback Machine "Cóip i gcartlann". Dáta rochtana: 2005-07-08.
- ↑ Lady Gregory, "Gods and Fighting Men," Cuid I, Leabhar IV ar sacred-texts.com