An Gairdín Cuimhneacháin
![]() | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() ![]() | |||||||||||||
| |||||||||||||
Suíomh | |||||||||||||
| |||||||||||||
| |||||||||||||
Sonraí stairiúla | |||||||||||||
Cruthú | 1966 |
Is gairdín cuimhneacháin suite i mBaile Átha Cliath é an Gairdín Cuimhneacháin, i gcuimhne orthu uile siúd a fuair bás ag iarraidh saoirse na hÉireann a bhaint amach.
Uachtarán an lae Éamon de Valera a d'oscail an Gairdín mar chuid de chomóradh leath-chéad Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1966. Seasann an Gairdín ar an áit ina mbunaíodh Óglaigh na hÉireann thiar sa bhliain 1913. Ar an láthair chéanna a chaith roinnt de cheannairí an Éirí Amach an oíche deireanach, sular seoladh go Príosún Chill Mhaighneann iad.
Imeachtaí réabhlóideacha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Déantar comóradh in ómós dóibh a chailleadh mar chuid de:
- Éirí Amach 1798
- Éirí Amach Robert Emmet 1803
- Éirí Amach na nÉireannach Óg
- Éirí Amach na bhFíníní
- Éirí Amach na Cásca
- Cogadh na Saoirse
An Aisling[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 1976, chum an Bleácliathach Liam Mac Uistín píosa filiochta dár teideal an Aisling atá scríofa ar bhallaí an ghairdín.
“ | "An Aisling"
I ndorchacht an éadóchais rinneadh aisling dúinn. Lasamar solas an dóchais agus níor múchadh é. I bhfásach an lagmhisnigh rinneadh aisling dúinn. Chuireamar crann na crógachta agus tháinig bláth air. I ngeimhreadh na daoirse rinneadh aisling dúinn. Mheileamar sneachta na táimhe agus rith abhainn na hathbheochana as. Chuireamar ár n-aisling ag snámh mar eala ar an abhainn. Rinneadh fírinne den aisling. Rinneadh samhradh den gheimhreadh. Rinneadh saoirse den daoirse agus d'fhágamar agaibhse mar oidhreacht í. A ghlúnta na saoirse cuimhnígí orainne, glúnta na haislinge. |
” |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Páirceanna Bhaile Átha Cliath | |
An tAthair Ó Coileáin | Baile Coimín (An Taiscumar) | An Baile Gaelach | Baile Phámar | Belcamp | An Bulla | Corcaí | Cuimhneachán | Cuimhneachán Cogadh | Coláiste Ailbhe | An Cabáiste | Corcach | Cill Iníon Léinín | Acra na gCraipithe | Páirc na nDaoine | Dothra | Ó hEachach | Fionnradharc | An Fhionnuisce | Gleann Lansdún | Mac Liam | Lus | Marlaí | Muinseo | Muirfean | Naomh Áine | Naomh Éanna | Tor | Stiofán | Tigh Mothán | Wolfe Tone |