Jump to content

Páirc Naomh Áine

Páirc Naomh Áine
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálBréagán tí agus páirc uirbeach Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 22′ 20″ N, 6° 10′ 51″ O / 53.372324°N,6.180929°W / 53.372324; -6.180929
CodannaAn Rósghairdín, Páirc Naomh Áine
ID GeoNames3315302
ID logainm1401422

Is páirc phoiblí atá suite i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath í Páirc Naomh Áine, agus í lonnaithe idir Ráth Eanaigh agus Cluain Tarbh. Tá sí ar cheann de na páirceanna poiblí is mó sa chathair (240 acra/97 heicteár). Síolraíonn ainm na páirce ó Thobar Naomh Áine, tobar naofa atá ann leis na blianta fada.

Bhíodh an pháirc mar chuid d'eastát curtha i dtoll a chéile ag baill den teaghlach Guinness, sliocht an ghrúdaire aitheanta Arthur Guinness. Tá an pháirc roinnte ina dhá leath ag abhainn bheag (an Nainicín) a shníonn ó bhun go barr.