Bodhbh Dearg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Bodb Derg)
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, ba mhac Eochaid Garb[1]Daghdha[2] é Bodhbh Dearg (Sean-Ghaeilge Bodb Derg), agus tháinig sé i gcomharbacht Daghdha mar rí na dTuath Dé Danann.

Aisling Aonghasa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Aislinge Oenguso

Agus Bodhbh ina rí sidhe na Mumhan, d'iarr Aonghas ar a dheartháir cuidiú leis, bean a aisling a aimsiú. D'éirigh le Bodb sam eachtra seo, ag aithint an bhean mar Caer Ibormeith.[3]

Oidheadh Chlainne Lir[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh cliseadh na dTuath Dé Danann sa Chath Thailtean, toghadh Bodhbh mar rí na dTuatha Dé agus iad ag dul chun cónaí faoin talamh ina gcuid sidhe. Athair a lán diachtaí an ea é ina dhiaidh sin.

D'aithin gach céile comhraic toghchán Bhodhbh, ach amháin Lir, a dhiúltaigh urraim a thabhairt dó. Chuir Bodhbh comhairle ar a thacaithe gan díogras a imirt ar Lir. Thug Bodhbh beirt dá iníonacha féin mar chéile do Lir chun é a shuaimhniú. Tháinig an dá phósadh go crích míshona, ámh.[2]

Réamhscéal na Tána[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar rí sidhe na Mumhan (agus a ghabha óir Lén ina theannta), bhí ról suntasach ag Bodhbh Sidhe ar Femen (mar a glaodh air) i réamhscéal an Táin Bó Cuailnge. Ar aimsir aigese a bhí an muicí a tharraing achrann le muicí rí sidhe na gConnacht. Sa deireadh, shlog dhá bha na muicithe i riocht péisteanna, agus athrugadh iad mar na tairbh Fionnbheannach agus Donn Cuailnge, tarbh eipeamanach na Tána.[4]

An Fhiannaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa scéal de chuid na Fiannaíochta darb ainm Cath Fhionntrá, bhí Bodhbh ina cheannaire na dTuath Dé Danann chun cuidiú leis na Fianna i rith an chatha úd.[5]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhéadfadh é go bhfuil an t-ainm Bodb[6] gaolta le badhbh,[7] os rud é go bhfuil fuaimniú mar an gcéanna aige. Feictear corruair sna seantéacsanna agus a Sean-Ghaeilge neamhchaighdeánach, ainm Badb litrithe mar "Bodb".[8]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Leabhar Gabhála na hÉireann, eag. R. A. Stewart Macalister. 1941. Irish Texts Society, Baile Átha Cliath, Cuid IV, §VII, ¶316 (lch. 131).
  2. 2.0 2.1 "The Children of Lir". P.W. Joyce (aistr.). 1879. Old Irish Romances. C. Kegan Paul & Co.
  3. "The Dream of Óengus". Early Irish Myths and Sagas. Jeffrey Gantz, 1982, Penguin. Le fáil Aislinge Oenguso as Seán-Gaeilge] ar CELT.
  4. De Chopur in dá Muccida ar CELT.
  5. Cath Finntrágha le fáil ar CELT.
  6. bodbbadb ar eDIL
  7. badhbh ar teanglann.ie FGB; préachán
  8. Tá sampla den rud seo sa tríú athleagan de Leabhar Gabhála na hÉireann, Cuid IV, §VII, ¶368 (lch. 188).

}