Dál Messin Corb

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rítheaghlach na Laigean ba ea Dál Messin Corb, i dteannta le Dál Chormaic. De shliocht Messin Corb ba ea iad, agus daoine deireanacha desna Fir Domhnann.[1] Sa cúigiú agus séú haoiseanna, cuireadh an ruaig orthu as a gcuid críoch ar an Life agus i gContae Chill Mhantáin isteach.[2]

Uí Garrchon ba ea príomhghéag an rítheaghlaigh. Deirtear go raibh Naomh Caoimhín de Ghleann Dá Loch síolraithe ó Uíbh Náir, mionghéag an dreama úd.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ancient Laigin — Kingdom of Leinster".
  2. "The Tribes of Laigen (Leinster Series) — Dál Messin Corb".
  3. Dáibhí Ó Cróinín, "Ireland, 400 - 800", in A New History of Ireland, imleabhar 1, lch. 189


Teimpléad:Laigin