Seachnassach mac Blathmaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeachnassach mac Blathmaic
Beathaisnéis
BreithÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás671

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
665 – 671
← Diarmaid mac Aodha Sláine, Blathmac mac Aodha SláineCeann Faoladh mac Blathmaic → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachSíol Aodha Sláine Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBlathmac mac Aodha Sláine
SiblínCeann Faoladh mac Blathmaic
le haghaidh rí Uí Chinnsealaigh, féach Sechnassach mac Colggen

Rí Bhreá agus Ard-Rí na hÉireann ba ea Seachnassach mac Blathmaic (Sean-Ghaeilge Sechnassach mac Blathmaic) (bás 671), a tháinig i gcomharbacht ar a athair Blathmac mac Áedo Sláine (bás 665) agus uncail Diarmaid mac Aodha Sláine (bás 665). Ba bhall é de Shíol Aodha Sláine d'Uí Néill an Deiscirt, ainmnithe as a sheanathair, Aodh Sláine (bás 604).[1][2]

Deirtear gur éag athair agus uncail Sheachnassaigh de phlá mór — the buide Chonaill — a tharla i nÉirinn ón mbliain 664 ní 665 ar aghaidh.[3][4]

Cuireann comhaontais phósta Sheachnassaigh in iúl go raibh dlúthghaoil aige leis na Laigin. Le Fionndealbh ní Cheallaigh (Findelb ingen Chellaig), iníon b'fhéidir le Ceallach Cualann (bás 715) a bhí an t-aon phósadh amháin aige dá bhfuil tuairisc ann. Phós a iníon, Bé Fáil (bás 741), in ann trátha Ceallach Cualann. Tá eolas ar bheirt iníonacha eile, Murgal agus Mumhain, ach ar mhac ar bith.[5]

Ní fhaightear ach pas beag sna hannála maidir le réimeas Sheachnassaigh seachas a bhás. Maraíodh é i Mí na Samhna, November 671 ag Dubh Dúin, rí Chineál Cairbre, mion-ríocht Uí Néill ar imill uachtaracha na Bóinne gar de Chluain Ioraird.[6][7] Tháinig a dheartháir Ceann Faoladh i gcomharbacht air mar Ard-Rí, is dócha dá bhliain in 672.[5]

Níl Seachnassach san áireamh mar Ard-Rí sa luath-ríliosta Buile Choinn. Is dócha gur fágadh ar lár é d'aon ghnó, óir gur tiomsaíodh an liosta le linn réimeas Fhíonsneachta, marfóir a dheartháir, Ceann Faoladh (bás 675).[8] Tá sé dáiríre san áireamh mar Ard-Rí i gCroinic na hÉireann, an bunleagan d'annála Éireann eile.

Insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí maidir leis:

Ba srianach, ba h-eachlascach
in teach h-i m-bidh Seachnusach,
Ba h-imdha fuigheall for slaitt
h-istaigh i m-bidh mac Blatmaic.
Ba sarianta, ba eachlasca
i dtigh inár chónaigh Seachnasach
b'iomaí fuigheall slada
i dtigh inár chónaigh mac Bhlathmaic.[9]

Feictear Seachnasach sna saothair, idir úrscéalta agus gearrscéaltá, Sister Fidelma mysteries le Peter Tremayne.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford. 
  • "Sechnassach mac Blaímaic (d. 671)". Oxford Dictionary of National Biography.
  • Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge: Cambridge University Press. 
  • Mac Niocaill, Gearóid (1972). "Ireland before the Vikings" 1. Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  2. Irwin, "Sechnassach mac Blathmaic".
  3. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 107
  4. Annála Uladh, AU 665.1.
  5. 5.0 5.1 Irwin, "Sechnassach mac Blathmaic".
  6. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 107
  7. AU 671.3.
  8. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 492
  9. AFM, M669.1.