Congal mac Áedo Sláine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCongal mac Áedo Sláine
Beathaisnéis
Bás634
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteConaing Cuirre Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAodh Sláine
SiblínBlathmac mac Aodha Sláine, Diarmaid mac Aodha Sláine agus Ailill Cruitire

Rí Bhreá de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Conghal mac Aodha Sláine (Sean-Ghaeilge Congal mac Áedo Sláine) (bás 634). An tArdrí Aodh mac Diarmada (bás 604) ba ea a athair.[1]

Bhí Suibhne mac Colmáin (bás 600) maraithe go fealltach ag a uncail, Aodh athair Conaill, a maraíodh féin i mbun catha ag Conall Guthbhinn mac Suibhne (bás 635), agus tharla achrann cathartha i measc Uí Néill an Deiscirt dá bharr.[2][3] Ní insítear dáta theacht i réim Chonghaile accession sna hannála.[4]

Maraíodh a dheartháir Conall Laogh Breá i gCath Odba ag Aonghas mac Colmáin Beag (bás 621) sa bhliain 612. Sa bhliain 634, cloíodh agus maraíodh Conghal agus a dheartháir Ailill Cruitire i gCath Loch Trethin (Loch Dreithin, Cnoc Fhreamhann, Contae na hIarmhí) ag Conall Guthbhinn féin a bhí a n-athair maraithe aige. Tugtar an teideal rí Bhreá do Chonghal sna hannála agus an eachtra seo á tuairisc.[5][6]

Rí Bhreá fosta, agus sinsear Uí Chonaing as Cnóbha nó Tuaisceart Bhreá, ba ea mac Chonghaile, Conaing Cuirre (bás 662).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 2
  2. Annála Uladh, AU 600.2, 604.2
  3. Annála Tiarnaigh, AT 598.3, 602.2
  4. Feictear Conghal sa tríú háit in Byrne, Tábla 2
  5. AU 634.1
  6. AT 637.1