Jump to content

Ailill Cruitire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAilill Cruitire
Beathaisnéis
Bás634
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteDlúthach mac Ailill Cruitire Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAodh Sláine
SiblínCongal mac Áedo Sláine

Rí Bhreá de rítheaghlach Síl nÁedo Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Ailill Cruitire mac Aodha Sláine (Sean-Ghaeilge Ailill Cruitire mac Áedo Sláine) (na 634). An tArdrí Áed Sláine mac Diarmada (bás 604) ba ea a athair.[1]

Ní fheictear sna hannála dáta a theacht i réim. Tugtar an teideal rí Bhreá dá dheartháir, Congal, murab ionann agus Ailill féin.[2]

Tuairiscítear sna hannála gur cloíodh agus maraíodh Ailill agus a dheartháir Conghal were defeated and slain sa bhliain 634 i Cath Loch Trethin ag an té féin, Conall Guthbinn de Chlann Cholmáin, a bhí a n-athair maraithe aige. Tugtar anseo an teideal rí Bhreá ar Chonghal, murab ionann is Ailill.[3][4]

Feictear dán sa Leabhar Laighneach, ámh, a mhaíonn gur maraíodh Ailill i gCath Átha Goan ar bhruacha iarthair na Life sa bhliain 633 le linn achrann cathartha Laigean, agus Conall Guthbinn arís an buaiteoir lena chomhghuaillí, Fáelán mac Colmáin (bás 666?) Uí Dhúnlainge.[5]

Sinsear Síl nDlúthaig, ar a glaodh fosta Fir Cúl Breg, ba ea Ailill Dlúthach mac Ailealla. Rí Fhir Cúl ba ea a gharmhac, Áed mac Dlúthaig (bás 701).[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 2.
  2. Tá Ailill an ceathrú rí Bhreá in Byrne, Tábla 2.
  3. Annála Uladh, AU 634.1
  4. Annála Tiarnaigh, AT 637.1.
  5. Leabhar Laighneach, Flann Mainstreach: Síl Aeda Sláne Na Sleg.
  6. T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II.