Jump to content

Conall Grant mac Cearnaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Conall Grant)
Infotaula de personaConall Grant mac Cearnaigh
Beathaisnéis
Bás718
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteNiall mac Conaill Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCernach Sotal (?)

Rí Bhreá de chlann Uí Chearnaigh as Loch Gabhair de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Conall Grant mac Cearnaigh (Sean-Ghaeilge Conall Grant mac Cernaig[1]) (bás 718). An tArdrí, Diarmaid mac Aodha Sláine (bás 665), ba ea a sheanathair.[2] D'éag a athair, Cearnach Sotal, de phlá sa bhliain 664.[3]

Le linn na ré seo, bhíodh achrann idir na clanna tuaisceartacha de Shíol Aodha Sláine, Uí Chonaing as Cnóbha agus Síol Dlúthaigh as Fir Cúl Bhreá san áireamh, agus an chlann deisceartach Uí Chearnaigh. Bhí deartháir Chonaill, Niall maraithe ag rí Bhreá Uí Chonaing, Iorghalach mac Conaing Coirre (bás 702).[4]

Bhíodh coimhlint fosta idir na clanna le haghaidh ríogacht Bhreá. Bhí beirt eile de chuid na linne sin a mheasadh gur ríthe Bhreá iad, mar a bhí Amhalaidh mac Conghalaigh (bás 718) Uí Chonaing, agus nia Chonaill, Fógartach mac Néill (bás 724).[5]

Ráthóir ar son Cháin Adhamhnáin ba ea Conall, curtha i bhfeidhm ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697, ina tugadh an teideal rí Deiscirt Bhreá dó.[6] Cuireadh teidil le liosta na ráthóirí sa bhliain 727, ach ní fheictear 'regis Deisceird Breg' i nAnnála Uladh go dtí an bhliain 751.[7]

Sa bhliain 712, maraíodh a nia Maine mac Néill i mbun chatha in éadan Fhlainn mhic Aodha (bás 714) de Shíol Dlúthaigh.[8] Sa bhliain 714, cuireadh a nia Fógartach as a choróin, b'fhéidir ag an Ardrí Fearghal mac Maoil Dúin (bás 722) de Chineál Eoghain, agus d'imigh sé ar deoraíocht go dtí an Bhreatain.[9][10] Is dócha gur tháinig Conall i réim ansin, agus sa bhliain 715, bhí sé ciontach ag dúnmharú Mhurchadha na Mí, rí Uisnigh de Chlann Cholmáin, ionadaí Fhearghaile.[11] Tháinig Fógartach ar ais i gcoróin i mBreá sa bhliain 716.[12]

Sa bhliain 718, i gCath Cheanannais, chloígh agus mharaigh Conall Amhalaidh as Cnóbha agus a dheartháir Fearghal, i dteannta lena gcomhghuaillithe, Gormghal mac Aodha de Shíol Dlúthaigh agus Tuathal ó Faolchon de Chlann Cholmáin Bhig. Rinne an tArdrí Fearghal idirghabháil agus rinne sé Conall a maraithe dhá mhí níos deireanaí.[13]

Bhíodh sliochtaigh Chonaill, Síol Chonaill Ghraint bunaithe ag Calatroim, in iomaíocht le sliochtaigh a dhearthár Niall, príomhchlann Uí Chearnaigh ag Loch Gabhair, iad uile de Shíol Aodha Sláine as Deisceart Bhreá.[14] Rí Dheisceart Bhreá ba ea mac Chonaill, Niall (bás 778). Maraíodh mac eile, Ailill (bás 722) i gCath Alúine, inar chloígh muintir Uí Néill fir na Laigean.[15]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. grant, ceannliath, ar eDIL
  2. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  3. Annála Uladh, AU 664.4
  4. AU 701.11
  5. Luaitear an triúr acu sa Leabhar Laighneach, Flann Manistreach: Síl Aeda Sláne Na Sleg
  6. Charles-Edwards, lch. 603
  7. Charles-Edwards, lch. 539
  8. AU 712.6
  9. AU 714.5
  10. Charles-Edwrads, lch. 477
  11. Annála Tiarnaigh, AT 715.3
  12. AU 716.3
  13. AU 718.3
  14. Charles-Edwards, lch. 572
  15. AT 722.8