Flann mac Aodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Flann mac Áedo)
Infotaula de personaFlann mac Aodha
Beathaisnéis
Bás714 (Féilire Ghréagóra)
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairAodh mac Dlúthaigh

Fir Cúl, fo-ríocht Bhreá, de shliocht Síol Dlúthaigh de Shíol Aodha Sláine, ba ea Flann mac Aodha (Sean-Ghaeilge Flann mac Áedo) (bás 714). Aodh mac Dlúthaigh (bás 701), iar-rí Fir Cúl, ba ea a athair, agus Ailill Cruitire mac Aodha Sláine (bás 634), iar-rí Bhreá, a shin-seanathair.[1]

Le linn a shaoil, bhí achrann ar leith idir Síol Dlúthaigh agus muintir Uí Chonaing as Cnóbha agus iad in iomaíocht le Síol Aodha Sláine, Uí Chearnaigh as Loch Gabhair san áireamh. Bhí achrann freisin idir Síol Dlúthaigh agus Clann Cholmáin as Uisneach. Bhí Diarmait Dian mac Airmeataigh Caoich, rí Uisnigh maraithe ag Aodh athair Fhlainn sa bhliain 689.[2]

Sa bhliain 711, chloígh agus mharaigh an tArdrí, lFearghal mac Maoil Dúin (bás 722) de Cineál Eoghain, deartháir Fhlainn, Cú Raoi, ag Cath Sliabh Fuaid (Contae Ard Mhacha),i dteannta le rí Uí Mhéith.[3]

Sa bhliain 712, chuaigh an achrann idir Síol Aodha Sláine in olcas nuair a chloígh agus a mharaigh Flann Maine mac Néill Uí Chearnaigh.[4] Sa bhliain 714, throid Flann i gCath Bile Tened (gar de Maigh nEalta, Contae na Mí) in éineacht le Clann Cholmáin faoi cheannas Murchadha na Mí (bás 715). Sa chéad bhabhta, maraíodh beirt deartháireacha Fhlainn, agus sa dara, maraíodh Flann féin.[5]

Maraíodh deartháir ríthe le Flann, Gormghal, i gCath Cheanannais ag troid ar son Amhalaí mhic Conghalaigh Uí Chonaing (bás 718) in éadan Chonaill Ghraint Uí Chearnaigh.[6] Rinneadh rí Fir Cúl dá mac son, Dúnghal (bás 747).

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • McCarthy's synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe.
  • Onomasticon Goedelicum

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  2. Annála Tiarnaigh, AT 689.3
  3. AT 711.2
  4. Annála Uladh, AU 712.6
  5. AT 714.1
  6. AU 718.3