Maine mac Néill
- Do mhac le Niall Naoighiallach, féach Máine Tethbae
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 712 |
Ríthe Bhreá | |
Teaghlach | |
Athair | Niall mac Cearnaigh Sotal |
Rí Dheisceart Bhreá de chlann Uí Chearnaigh as Loch Gabhair, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Maine mac Néill (bás 712). He was the son of Niall mac Cernaig Sotal (bás 701) ba ea a athair, agus an tArdrí Diarmait mac Áedo Sláine (bás 665) a shin-seanathair.[1]
Feictear Maine mar ráthóir ar Cháin Adhamhnáin le Naomh Adhamhnán socraithe ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697 agus a athair fós beo.
Le linn shaol Mhaine, tharla coimhlint idir clanna Uí Chearnaigh sa deisceart, Uí Chonaing as Cnóbha sa tuaisceart agus Síol Dlúthaigh as Fir Cúl Bhreá. Bhí a athair, Niall, maraithe ag rí Uí Chonaing Bhreá, Iorghalach mac Conaing Choirre (bás 702), sa bhliain 701.[2]
Bhí a dheartháir Fógartach mac Néill (bás 724) i gcoróin i mar rí Bhreá uile. Chloígh sé i gCath Claenath (gar do Chlaonadh, Contae Chill Dara) ag rí Laigean, Ceallach Chualann (bás 715), sa bhliain 704. In ainneoin seo, d'fhan Fógartach ina rí.[3]
Maraíodh Maine féin ag Flann mac Aodha (bás 714) de Shíol Dlúthaigh i mbun chatha sa bhliain 712, mar chuid den achrann cathartha Shíol Aodha Sláine.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh
- Annála Uladh
- Leabhar Laighneach, Flann Mainistreach: Síl Aeda Sláne Na Sleg
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
- ↑ Annála Uladh, AU 701.11
- ↑ AU 704.4
- ↑ AU 712.6