Jump to content

Niall mac Cearnaigh Sotal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNiall mac Cearnaigh Sotal
Beathaisnéis
Breith7 haois
Bás701
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteFógartach mac Néill, Cathal mac Néill, Maine mac Néill Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCernach Sotal (?)

Rí Dheisceart Bhreá de chlann Uí Chearnaigh as Loch Gabhair, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Niall mac Cearnaigh Sotal (Sean-Ghaeilge Niall mac Cernaig Sotal) (bás 701). Diarmait mac Áedo Sláine (bás 665), Ardrí, ba ea a sheanathair.[1] D'éag a athair, Cearnach Sotal, de phlá sa bhliain 664.[2]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn shaol Néill, bhíodh achrann agus iomaíocht idir clanna tuaisceartacha Shíol Aodha Sláine, Uí Chonaing as Cnóbha agus the Síol Dlúthaigh as Fir Cúl Bhreá san áireamh, agus na clanna deisceartacha, Uí Chearnaigh ina measc. Sa bhliain 688, chloígh Niall Conghalach mac Conaing Choirre (bás 696) Uí Chonaing agus a chomhghuaillithe as na Ciannachta ag Cath Imligh Pich.[3] Tharla an cath seo agus an tArdrí Fíonsneachta Fleách as Breá (bás 695) go sealadach éirithe as a choróin. D'fhéadfadh é go raibh ann ná an dá chlann ag iarraidh cheannas Bhreá a bhaint amach. Tháinig Fíonsneachta ar agus i gcoróin sa bhliain 689 ach mharaigh é Conghalach sa bhliain 695, a rinneadh féin ansin rí Bhreá de.[4]

Feictear Niall mar ráthóir ar Cháin Adhamhnáin le Naomh Adhamhnán, sonraithe ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697, ina nglaoitear rí Mhaigh Bhreá air. Glaoitear rí Dheisceart Bhreá ar a dheartháir, Conall Grant (bás 718). Feictear mac Néill, Maine (bás 712), mar ráthóir.[1] Cuireadh na teidil seo keys ag téacs sa bhliain 727, ach ní fheictear an teideal th rí 'Deisceird Breg' i nAnnála Uladh go dtí 751.[5]

Sa bhliain 701, maraíodh Niall ag rí Uí Chonaing Breá, Iorghalach mac Conaing Choirre (bás 702), ag Drumain Ua Casan. Dar le hAnnála Easpacha na hÉireann, bhí Niall faoi chosaint Adhamhnáin, agus chuir an naomh mallacht ar Iorghalach dá bharr.[6][7]

Clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc mhic Néill a bhfuil aithne orthu, bhí a leanas:

  • Maine (bás 712), maraithe i mbun chatha ag Flann mac Aodha (bás 714) de Shíol Dlúthaigh.
  • Aodh Laighean (Áed Laigen) (bás 722), maraithe i gCath Alúine
  • Fógartach (bás 724), rí Bhreá agus Ardrí
  • Cathal (bás 729), ar a glaodh rí Dheisceart Bhreá i nAnnála Tiarnaigh.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Radner, Joan N. (1999), "Writing history: Early Irish historiography and the significance of form" (PDF), Celtica, Dublin: School of Celtic Studies, Dublin Inst. for Advanced Studies, 23: 312–325, ISBN 1-85500-190-X, arna gcartlann ó an bunleagan (PDF) ar 2009-05-09, aisghafa 2008-03-22

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 602–603
  2. Annála Uladh, AU 664.4
  3. Annála Uladh, AU 688.4, le tuireamh luaite le Gabhaircheann (Gabaircenn) éigin faoi cheannairí na gCiannacht maraithe sa chath.
  4. AU 688.3, 689.2, 695.1
  5. Charles-Edwards, lch. 539
  6. Annála Easpacha na hÉireann, AE 150
  7. Radner, "Writing history", ll.315–319.