Cathal mac Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCathal mac Néill
Beathaisnéis
Bás729 (Féilire Ghréagóra)
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairNiall mac Cearnaigh Sotal
SiblínFógartach mac Néill

Rí Bhreá de chlann Uí Chearnaigh as Loch Gabhair, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Cathal mac Néill (bás 729), nó Cathal CearrCathal Corc. Niall mac Cernaig Sotal (bás 701) ba ea a athair, an tArdrí Diarmaid mac Aodha Sláine (bás 665) a shin-seanathair. Tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir, an tArdrí Fógartach mac Néill (bás 724), agus bhí sé i réim ón mbliain 724 go dtí 729.

Bhí athair Mhaine maraithe ag Iorghalaigh (bás 702), rí Uí Chonaing Bhreá, ag tosú achrainn idir an dá chlann de Shíol Aodha Sláine a mhair tamall fada.[1] Maraíodh Cathal féin sa bhliain 729 ach ní thugtar cur síos ar na cúrsaí. Tugtar an teideal ríg Desceirt Breagh i nAnnála Tiarnaigh, an chéad uair an fheictear an teideal úd sna hannála.[2] Ní thugtar ann teideal seo dó, áfach, sa phríomhfhoinse, Annála Uladh.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála Uladh, AU 701.11
  2. Annála Tiarnaigh, AT 727.9
  3. AU 729.4