Conall Cremthainne
Conall Cremthainne | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | 5ú haois |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | 480 |
Muintir | |
Athair | Niall Noígíallach |
Páistí | liosta iomláin |
Siblíní | liosta iomláin |
Treibh | Uí Néill |
Gairm | |
Gairm | rí |
Rí Uisnigh ba ea Conall Criomhthainn (Sean-Ghaeilge Conall Cremthainne) (bás 480), ar a glaodh fosta Conall Err Breg. Niall Naoighiallach ba ea a athair.[1]
An chéad rí Uisnigh is ea é de mhuintir Uí Néill atá luaite sa liosta le fáil sa Leabhar Laighneach.[2] Tugadh an leasainm Criomhthann dó (a chuirfeadh altramas le muintir Uí Chriomthainn as Oirialla in úil), chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus a dheartháir, Conall Gulban, sinsear Chineál Chonaill. Mhair an nós sin ina dtugtaí an t-ainm céanna do mhic éagsúla i measc clann Gaelach go dtí an séú haois déag.[3]
de réir beatha Naomh Pádraig le Tíreachán, bheannaigh Pádraig Conall agus chuir sé mallacht ar a dheartháir, Cairbre, sinsear the Cineál Chairbre, ag cruinniú ag Tailte.[4] Ní feictear é sna hannála ach amháin ina thásc.[5]
Sinsear Clann Cholmáin agus Síol Aodha Sláine ba ea é trína mac, Fergus Cerrbél. Sinsear Cineál Ardail i gContae na Mí ba ea é trí mhac eile, Ardgal mac Conaill (bás 520).
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh
- Annála Uladh
- Leabhar Laighneach, Rig Uisnig
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 1
- ↑ Leabhar Laighneach, Rig Uisnig
- ↑ Byrne, Irish Kings, lch. 90.
- ↑ T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 445-446
- ↑ Annála Uladh, AU 480.1: Mors Conaill Cramthainne mc Neill