Eoghan mac Néill
Eoghan mac Néill | |||||
---|---|---|---|---|---|
| |||||
Saol | |||||
Náisiúntacht | Éire | ||||
Bás | 465 | ||||
Muintir | |||||
Athair | Niall Noígíallach | ||||
Páistí | liosta iomláin | ||||
Siblíní | |||||
Gairm | |||||
Gairm | monarc |

Reilig agus seanchill ag Uisce Caoin, agus uaigh Eoghain mhic Néill inti
Bunaitheoir eapainmneach Chineál Eoghain de chuid Uí Néill an Tuaiscirt ba ea Eoghan mac Néill (Sean-Ghaeilge Eógan mac Néill) (bás c. 465[1]). Niall Naoighiallach ba ea a athair, a maíodh.[2] Bhunaigh Cineál Eoghain ríocht Ailigh agus níos deireanaí Tír Eoghain. Deirtear go bhfuil a uaigh ar Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall.
Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Maítear gur dlúthchara é Eoghan le Naomh Pádraig agus go bhfuair sé beannacht Phádraig.[3] Lena dheartháir, Ardrí na hÉireann, Laoghaire mac Néill (bás 462), bhí sé ina bhreitheamh in aighneas chomharbachta idir mic Amhalaí (bás 440), rí na gConnacht.[4]
Deirtear gur adhlacadh Eoghan i gCill Naomh Pádraig, Uisce Chaoin, Inis Eoghain. Faightear plaic ann a deir (as Béarla):
- "Eoghan Prince of Iniseoghain, Son of Niall of the Nine Hostages. Died 465 of grief for his brother Conall [Gulban]. Baptised by Patrick and buried in Uisce Chaoin".
I measc a mhac, bhí a leanas:[5]
- Muireadhach
- Fearghas, bunaitheoir Cineál Fhearghasa (Cenél Fergusa)
- Aonghas, bunaitheoir Cineál (Cenél Áengusa).
Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Annála Uladh
- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings, 2001, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- McCarthy's synchronisms, eagrán athbhreithnithe.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Gach dáta per McCarthy, Daniel P. (1998). "The Chronology of the Irish Annals" P-ARÉ 98 C.
- ↑ Ginealaigh Laud 610 (Oxford, Bodleian Library MS. Laud 610, fo. 75a 1, 15ú haois) ina thugtar seacht gclann Chineál Eoghain.
- ↑ Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge University Press.
- ↑ Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge University Press.
- ↑ The Laud Genealogies and Tribal Histories, lch. 293, ar Corpus of Electronic Texts