Niall Noígíallach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Niall Noígíallach Ardrí Éireann
Athair

Eochaid Mugmedón

Máthair

Cairenn (i)

Deartháireacha

Fiachrae
Brión mac Echach Muigmedóin (i)

Ailill mac Echach Mugmedóin (i)

Leanaí

Eógan mac Néill
Loegaire mac Néill
Conall Gulban
Conall Cremthainne
Coirpre mac Néill
Fiachu mac Néill

Ard Rí Éireann ab ea Niall Noígíallach (nó Niall naoi nGialla sa nua-Ghaeilge).[1] Carachtar ó mhiotaseolaíocht Cheilteach na hÉireann atá i gceist a bhí beo sa stair chomh maith, ar shlí éigin. Ceaptar gurbh eisean sinsear an Ua Néill, gur mhair sé timpeall an 5ú haois agus go raibh sé ar cheann de na ríthe deireanacha sa tír a bhí ina phágántach Cheilteach roimh do Naomh Phádraig teacht go hÉirinn chun muintir na hÉireann a thiontú go dtí an Chríostaíocht.

Foinsí Staire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur creidtear gur fhírdhuine beo a bhí ann, go hiondúil, níl mórán gur féidir a insint faoina shaol mar fhíricí, toisc gur mhair sé roimh teacht don scríbhneoireacht (agus don oireas staire) go hÉirinn. Is iad na foinsí a thugann eolas faoina shaol dúinn ná na cuntais ghinealais do na seanríthe, leithéidí iad siúd atá le fáil i Lebor Gabála Érenn, in annála stair na hÉireann, leithéidí Annála na gCeithre Máistrí, sna tuairiscí dála Fhoras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn, chomh maith le finscéalta dála Eachtraí Mac Eochaid Mugmedon agus Bás Néill Noígíallach. Scríobhadh na foinsí sin go léir i bhfad i ndiaidh do bhás Néill, agus níl iontu ach finscéalta ar an mhéad.

Tá Niall Noíghiallach luaite faoin ainm “Niell” ar liosta ríthe darb ainm Baile Chuinn Chétchathaig, agus cuirtear dáta idir deireadh an 4ú haois agus tús an 5ú haois ar an uair a saolaíodh sé. De réir Annála na gCeithre Máistrí, ba in 378 a thagann Niall i gcoróin, agus ba in 405[2] a fuair sé bás. Luaitear iontu:

"Iar m-beith seacht m-bliadhna fichet 'na righ ós Erinn do Niall Naoighiallach mac Eathach Moighmhedhoin, do-rochair la h-Eochaidh, mac Enna Cendsealaigh, occ Muir n-Iocht .i. an mhuir edir Franc & Saxain."

Tagann sé sin go réasúnta maith leis an stair chroineolaíochta a scríobh Seathrún Céitinn, toisc go gcuireann an fhoinse sin dáta ar ríocht Néill idir 368 agus 395, is é sin a rá an tréimhse ama sin a raibh na hionsaí siúd ar an mBreatain lena ndearnadh Naomh Pádraig a fhuadach.[3]

Ach sa lá atá inniu ann, meastar go gcuireadh athraithe i bhfeidhm ar an liosta traidisiúnta de na hard-ríthe seo agus na dátaí a chuirtear leis. Déanta na fírinne, níor tháinig buaicphointe ar chumhacht na nard-ríthe go dtí an 9ú haois, agus rinneadh áibhéil faoina thréithesean a raibh baint acu lena ghaiscíocht as cuimse, chun teacht glan leis an tábhacht pholaitiúil a bhain leis a ríshliocht. De ghnáth, tuairiscítear gur timpeall ar 450 a fuair Niall Noígíallach bás, de réir mionstaidéar a bhfuiltear tar éis déanamh ar bhealaí nua-aimseartha, lenar coimeádtar aird ar na dátaí atá le fáil sna hAnnála Eireannacha, go háirithe in Annála Uladh, ar na dátaí ar a cailleadh daoine dá shliocht, na hUí Néill[4]:

  • A mhicsean: Lóegaire mac Néill († 463), Eógan († 465) Conall Gulban († 464), Conall Cremthainne († 475) Coirpre († 500) et Fiachu (vers 510/516)..
  • A gharmhicsean: Muiredach mac Eógain († 489), Lugaid mac Lóegairi († 507), Ardgal mac Conall Criamtham († 520/523)
  • A gharmhuísean: Muirchertach Mac Ercae († 534) Túathal Máelgarb († 544) et Diarmait mac Cerbaill († 565)

Fuair an chéad ghlúin eile dá shliocht bás idir 566 (i gcás Fhearguis mhic Mhuirchertaigh) agus 604 (i gcás Áeid Sláine).

Plaic chuimhneacháin i gcuimhne ar Eoghan mac Néill i Sheaneaglais Uisce Chaoin i gContae Doire

Buafhocal (a shloinne)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá míniúcháin éagsúla ar cá as ar tháinig an buafhocal Noígíallach (i.e. an fear a bhfuil naonúr ngiall aige) atá ag Niall. De réir an tsága Bás Néill Noígíallach fuair sé giall amháin ó gach cúige in Éirinn: Uladh, Connachta, Laighin, Mumhain agus an Mhí, agus giall amháin ó Albain, ceann amháin ó na Sachsanaigh, ceann ó na Briotanaigh agus ceann amháin ó na Frainc. [5] Luaigh Céitinn go bhfuair sé cúigear ngiall ón gcúig chúige in Éirinn agus go bhfuair sé ceathrar ó Albain. De réir Ó Raghailligh is tagairt atá i gceist leis an mbuafhocal s’aigesean gur ngabh sé naonúr gialla rí na gCruithneach. Meastar gurbh as Airgíalla na gialla (is é is brí is Airgíalla ná tír an mhuintir a sholáthraíonn gialla), a bhí faoi smacht Chruithnigh na hUladh go dtí gur ionghabh Niall í.[5][6]

An Mhiotaseolaíocht agus an stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cuntas miotaseolaíochta ar ghinealach, breith agus óige Néill ar fáil sa sága sin ar scríobhadh sa 11ú haois é, Echtra mac nEchach Mugmedon. De réir foinsí ón Mheánaois, meastar gur rí Theamhair ab ea a athair, Eochaid Mugmedón, cé nach bhfuil sé luaite i mBaile Chuinn Chétchathaig. Bhí cúigear mac aige, ceathrar acu siúd lena chéad bhean, Mongfind, deirfiúr ag rí na Mumhan, Crimthann mac Fidailg: Brión, Ailill, Fiachrae agus Fergus; agus ba lena dara bhean chéile, Cairenn Chasdub, iníon ag Rí na Sacsanach, Sachell Balb, a raibh an cúigiú mac, Niall, aige. Tá cuir síos éagsúil le fáil ar Chaireann; de réir foinsí éagsúla, banphrionsa ab ea, agus de réir foinsí eile, sclábhaí, agus seans maith gur bhanphrionsa Sacsanaigh a ghabhadh ina sclábhaí í.

Is iad Brión, Fiachrae agus Ailill sinsir na hUí Briúin, na hUí Fhiachrach agus na hUí Ailello. Ba iad na hUí Briúin an sliocht ba chumhachtaí de na teaghlaigh móra le rá sin, agus bhí a lán ríthe ar Chonnachta le linn na tréimhse Meánaoisigh arbh den shliocht seo iad. Ní raibh ach tábhacht áitiúil ag sliocht an bheirt deartháireacha eile agus ní raibh tionchar acu ar cúrsaí móra polaitíochta i ríocht na Connacht. Ní fios cad a tharla le sliocht an cheathrú deartháir, Fergus Cáechán.

Agus Caireann torach, agus í ag súil le Niall, chuir Mongfind, a bhí lán d’éad, í ag déanamh daorobair sa tsúil go gcaillfeadh sí an leanbh. Saolaíodh Niall di agus í i mbun uisce a tharraingt, ach, mar gheall ar an imní a bhí uirthi roimh Mongfind, agus an chreidiúint go raibh cumhachtaí draíochta aige, d’fhág sí an leanbh ar má Theamhair, gan cosaint ó na héin. Ach ghabh draoi darbh ainm Torna Niall ina lámha féin chun é a shábháil; bhí an draoi tar éis tairngreacht a bheith aige ina nochtadh an ghaisce agus an mhórgacht a bhí i ndán dó. Nuair a bhí sé fásta aníos, d’inis Torna don chúirt i dTeamhair cérbh é Niall san fhírinne, agus sábhálann Niall a mháthair óna géibheann.[7][8]

Nótaí agus tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teimpléad:Références

  1. De l'irlandais Noigiallach : ayant neuf otages, noí, neuf; gíall, un gage humain ou un otage; -ach suffixe possessif (Dictionary of the Irish Language, Compact Edition, 1990, pp. 360, 479-480; Rudolf Thurneysen, A Grammar of Old Irish, 1946, p. 220)
  2. Annales des quatre maîtres M378-405
  3. Geoffrey Keating, Foras Feasa ar Éirinn 1.48 [archive], 1.49 [archive], 1.50
  4. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Second Edition, Dublin: Four Courts Press, 2001, Chapter 5
  5. F. J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, pages 73 et 76.
  6. Dáibhí Ó Cróinín, A New History of Ireland, tome I, page 202
  7. F. J. Byrne, Irish Kings and High-Kings pg 74
  8. Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eds.), "The Adventures of the Sons of Eochaid Mugmedon" [archive], Ancient Irish Tales, 1936, pp. 508-513