Cairbre mac Fógartaigh
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 771 |
Ríthe Bhreá | |
![]() | |
Teaghlach | |
Athair | Fógartach mac Néill |
Rí Bhreá de chlann Uí Chearnaigh as Loch Gabhair, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Cairbre mac Fógartaigh (Sean-Ghaeilge Coirpre mac Fogartaig) (bás 771). An tArdrí, Fógartach mac Néill (bás 724), ba ea a athair.[1]
Ní fheictear Cairbre sa dán sa Leabhar Laighneach maidir le ceannairí Shíol Aodha Sláine. Tugtar ámh an teideal 'rex Bregh' do ina thásc sna hannála don bhliain 771.[2][3] Ní fios go cruinn cathain a tháinig sé i gcoróin i ndeisceart Bhreá, ach tugtar an teideal rí 'Deisceird Breg' dá dheartháir Fearghas mac Fógartaigh ina thásc don bhliain 751.[4]
Tuairiscítear ansin sna hannála básanna a chol cheathrair, Domhnall mac Aodha, sa bhliain 759, agus a dhearthár Fíonsneachta sa bhliain 761, agus gan teidil.[5] Fuair rí Bhreá, Dúnghal mac Amhalaí de l den chlann tuaisceartach, Uí Chonaing as Cnóbha sa bhliain 759, agus is amhlaidh gur tháinig Cairbre i gcoróin ansin i mBreá go léir.[6]
Feictear Cairbre don chéad uair sna hannála maidir le bás a mhic, Ceallach, maraithe ag gadaithe sa bhliain 767.[7] Tharla cath idir Cairbre agus Donnchadh na Mí (bás 797) den chlann iomaíochta deisceartacha Uí Néill, Clann Cholmáin sa bhliain 766,[8] agus sa bhliain 769, chur Donnchadh an ruaig air.[9]
An bhliain tar éis deoraíocht Chairbre, chloígh gur dheisceart Bhreá i gCath Bholg Bóinne, agus maraíodh Cearnach mac Flainn (garmhac Fhógartaigh) agus Flaithbheartach mac Flainn, chomh maith leis an rí, Uarchride mac Baeth de Dhéise Bhreá.[10] Bhí feachtas ar siúl ag Donnchadh na Mí in éadan fhir na Laighean, agus bheidís é gur chloígh sé iad ar a shlí abhaile.[11]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh
- Annála Uladh
- Leabhar Laighneach, Flann Mainistreach: Síl Aeda Sláne Na Sleg
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0