Murchad mac Brain Mut
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 haois |
Bás | 727 |
Ríthe na Laighean | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Dhúnlainge |
Páiste | Bran Becc mac Murchado, Fáelán mac Murchado, Dúnchad mac Murchado, Muireadach mac Murchadha |
Athair | Bran Mut mac Conaill |
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Murchadh mac Brain Buta (Sean-Ghaeilge Murchad mac Brain Mut) (bás 727). Bran Buta mac Conaill (bás 696), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 715 go dtí 727.[2]
Feictear Murchadh ar dtús sna hannála agus é ar a ruathair insealbhaithe in éadan na Mumhain sa bhliain 715.[3] Bhí cogadh aige in éadan Uí Néill. Sa bhliain 719, rinne siad ruathair réir chuig ar na Laigin.[4] Bhí Murchadh i gcomhaontas le Cathal mac Finguine (bás 742), rí Mumhan, agus sa bhliain 721, rinne siadsan le chéile ruathair ar Bhreá.[5] Sa bhliain 721 ámh, rinne Cathal suíocháin leis an Ardrí, Fearghal mac Maoil Dúin (bás 722) de Chineál Eoghain, agus d'ionsaigh Fearghal na Laigin chun an bhóramha a éileamh.[6]
Bhris fir na Laigean an sos cogaidh, ámh, agus d'ionsáigh Fearghal arís mar chúiteamh. I Mí na Nollag 722, áfach, maraíodh Fearghal agus go leor uaisle Uí Néill ag Cath Alúine (Contae Chill Dara) ag na Laigin faoi cheannas Mhurchadha.[7] Throid Murchadha son Dúnchadh (bás 728) agus Aodh mac Colgan (bás 738) Uí Chinnsealaigh ar aon Laighean. Cuir siad ceann Fhearghaile chuig Cathal chun a chuid feirge a shuaimhniú.[8] Deirtear i nAnnála Tiarnaigh gur chloígh an Ardrí, Cinnéad mac Iorgalaigh (bás 728) de Shíol Aodha Sláine, na Laigin ag Cath Mhaíne sa bhliain 726 agus gur bhain sé a éilimh amach, ach ní thacaíonn annála eile leis an scéal seo.[9]
Tháinig Uí Dhúnlainge chun cinn le cuidiú mheath Uí Mháil. Maraíodh beirt mhac a réamhtheachtaí, Ceallach Chualann (bás 715), le linn a réimis: maraíodh Aodh (bás 719) ag Cath Fhionnúirach (Fionnúir, Co. Cill Dara), ina raibh na Laigin ag troid eatarthu féin; agus mharaigh Criomhthann (bás 726) ag Cath Bhealach Lice agus é óg.[10]
Duine dá mhná céile ba ea Concheann ní Cheallaigh (bás 743) Uí Mháil. Máthair Fhaoláin (bás 738) agus Mhuireadaigh (bás 760), ba ea í, ríthe Laigean beirt. I measc mac eile aige, bhí Dúnchadh (bás 728) agus Bran Beag (bás 738), ríthe Laigean beirt fosta.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh
- Annála Tiarnaigh
- Leabhar Laighneach, Rig Lagen
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Wiley, Dan M., Battle of Allen, The Cycle of the Kings
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 9
- ↑ Tugtar réimeas cúig bliana déag dó sa Leabhar Laighneach.
- ↑ Annála Uladh, AU 715.4
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 719.7
- ↑ AU 721.6
- ↑ AU 721.8
- ↑ AU 722.8
- ↑ Dan M.Wiley, Battle of Allen Curtha i gcartlann 2006-09-02 ar an Wayback Machine, The Cycle of the Kings
- ↑ AT 726.8
- ↑ AU 719.4, 726.4