Dúnchadh mac Murchadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDúnchadh mac Murchadha
Beathaisnéis
Bás728
Ríthe na Laighean
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Dhúnlainge Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCeallach mac Dúnchadha Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMurchad mac Brain Mut
SiblínMuireadach mac Murchadha, Bran Becc mac Murchado agus Fáelán mac Murchado

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Dúnchadh mac Murchadha (Sean-Ghaeilge Dúnchad mac Murchada (bás 728). Murchadh mac Brain Buta (bás 727), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 727 go dtí 728.

Bhí Dúnchadh ar an bhfód nuair a bhuaigh a athair in éadan an Ardrí Uí Néill, Fearghal mac Maoil Dúin (bás 722) ag Cath Alúine sa bhliain 722. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair sa bhliain 727. Cidh sé a chéile comhraic Uí Chinnsealaigh, Laidcnén mac Con Mella, a maraíodh ag Cath Maistean (Mullach Maistean, deisceart Contae Chill Dara) sa bhliain 727.[2] An bhliain dár gcionn, ámh, chloígh agus mharaigh a dheartháir, Faolán mac Murchadha (bás 738), é ag Cath Aileann (Co. Chill Dara), a thóg an ríogacht agus a phós a bhaintreach.[3]

Bhí Dúnchadh pósta le TaileflaithChathail mhic Finghin (bás 742), rí Mumhan. Sinsear Uí Dhúnchadha clann Uí Dhúnlainge, is ea Dúnchadh, lonnaithe ag Cnoc Liamhna ar theorainn Áth Cliath-Cill-Cill Dara. Rinneadh rí Laigean dá mac, Ceallach (bás 776).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 9
  2. Annála Uladh, AU 727.6
  3. AU 728.2